Bronnadh teastais TEG ar 19 duine ag searmanas bronnta i gComhairle Contae Chiarraí an tseachtain seo caite. Tá scrúduithe TEG déanta ag os cionn 100 fostaí de chuid na Comhairle seo le roinnt blianta anuas agus i mbliana den chéad uair, bronnadh teastais ar dhaoine atá, nó gur mian leo, cur fúthu i dtithíocht shóisialta i nGaeltachtaí Chiarraí. Tuilleadh eolais.
Tá scrúduithe TEG á ndéanamh ag scoileanna ar fud na tíre gach bliain. Éist le príomhoide Choláiste Íosagáin, Fíona Uí Uiginn, ag caint ar thaithí na scoile sin le TEG.