Bronnadh teastais TEG ar 19 duine ag searmanas bronnta i gComhairle Contae Chiarraí an tseachtain seo caite. Tá scrúduithe TEG déanta ag os cionn 100 fostaí de chuid na Comhairle seo le roinnt blianta anuas agus i mbliana den chéad uair, bronnadh teastais ar dhaoine atá, nó gur mian leo, cur fúthu i dtithíocht shóisialta i nGaeltachtaí Chiarraí. Tuilleadh eolais.
Éist le Roibeard Ó hEartáin, Comhairle Contae Chiarraí, ag labhairt faoin tairbhe a bhaineann le TEG ar An Saol ó Dheas (10 Deireadh Fómhair 2014).