Cuirfidh na hInstitiúdí Oideachais an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) ar fáil arís i mí Mheán Fómhair 2023. Mar chuid den phróiseas iontrála, beidh ar iarrthóirí scrúdú a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas ag Meánleibhéal 1 (B1) de chuid Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Beidh ar mhic léinn 65% a ghnóthú sa scrúdú cainte mar choinníoll iontrála. Tá tuilleadh eolais agus scrúduithe samplacha thíos.
Dátaí Scrúdaithe: 12/13 Bealtaine 2023 *
Spriocdháta d'iarratais: 20 Aibreán 2023
Foirm iarratais dúnta
* Ní féidir le hiarrthóirí dáta faoi leith a roghnú agus ní féidir le hiarrthóir amháin clárú faoi dhó don lá céanna scrúdaithe.
Ceisteanna coitianta
Cathain a gheobhaidh mé mo chuid torthaí ón scrúdú i mí na Bealtaine, 2023?
Gheobhaidh tú do chuid torthaí ar an ríomhphost faoin 1 Meitheamh 2023. Má éiríonn leat sa scrúdú, gheobhaidh tú teastas sa phost ina dhiaidh sin.
Cé na coláistí a bheidh ag úsáid TEG B1 mar scrúdú cumais teanga don MGO?
- Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- Roinn Froebel, Ollscoil Mhá Nuad
- Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
- Institiúid Oideachais Marino
An féidir liom an scrúdú a dhéanamh ar líne?
Má tá tú i do chónaí thar lear agus mura féidir leat teacht go hÉirinn chun an scrúdú a dhéanamh, déan teagmháil le teanga@mu.ie chomh luath agus is féidir.
Cén scrúdú ar chóir dom a dhéanamh don MGO?
Má tá H4 agat ó scrúdú Gaeilge na hArdteiste, beidh ort 65% ar a laghad a fháil i scrúdú cainte TEG B1. Mura bhfuil H4 agat ó scrúdú Gaeilge na hArdteiste, caithfidh tú pas a fháil i scrúdú iomlán TEG B2. Má theastaíonn aon soiléiriú uait faoi na riachtanais seo, molaimid duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an institiúid oideachais chuí. Is féidir gach eolas a fháil ar scrúdú TEG B2 a fháil anseo.
Tá céim agam sa Ghaeilge. An gcaithfidh mé an scrúdú seo a dhéanamh?
Caithfidh gach duine atá ag cur isteach ar an MGO an scrúdú cainte seo a dhéanamh.
Rinne mé scrúdú TEG an bhliain seo caite (2021). An nglacfar leis seo in 2023?
Glacfar leis na cáilíochtaí seo a leanas ó iarrthóirí ar éirigh leo sna scrúduithe sin i 2021 nó 2022:
- TEG Meánleibhéal 1 (B1) - marc os cionn 65% faighte sa scrúdú cainte,
- Pas i Meánleibhéal 2 (B2)
- Pas in Ardleibhéal 1(C1)
Má tá ceann de na cáilíochtaí seo agat, beidh ort é a íoslódáil ar PAC chomh maith le do chuid tras-scríbhinní agus teastais eile mar chuid de do iarratas ar an gcúrsa.
Cad a tharlóidh ar lá an scrúdaithe?
Moltar duit na treoirlínte thuas a léamh go cúramach agus moltar duit féachaint ar an bhfíseán eolais.
Cad a tharlóidh tar éis an scrúdaithe?
Gheobhaidh tú do chuid torthaí ar rphost roimh an spriocdháta d'iarratais ar an MGO.
(a)Má éiríonn leat marc níos airde ná 65% a bhaint amach sa scrúdú, ba cheart duit cóip den toradh a íoslódáil ar chóras PAC, mar chuid de do iarratas. Beidh an institiúid oideachais chuí i dteagmháil leat in am trátha.
(b) Mura n-éiríonn leat sa scrúdú, beidh seachtain agat chun achomharc a dhéanamh le hOifig TEG. Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas achomhairc ar fáil anseo. Cuirfear torthaí an achomhairc ar fáil seachtain ina dhiaidh sin.
Má éiríonn liom sa scrúdú cainte, an bhfaighidh mé teastas TEG?
Má éiríonn leat sa scrúdú, gheobhaidh tú teastas de chuid Theastas Eorpach sa Ghaeilge (Páirtchreidiúint) a léiríonn go bhfuil Meánleibhéal 1 (B1) bainte amach agat i labhairt na Gaeilge ach tabhair faoi deara gur gá 65% nó os a chionn a fháil le bheith i dteideal cur isteach ar an MGO.
Má tá sé ar intinn agam cur isteach ar an MGO in 2024, an bhféádfainn scrúdú B1 a dhéanamh an bhliain roimh ré?
Cinnte. Glacfar le Teastas TEG B1 ó 2023 (le marc os cionn 65% sa scrúdú cainte) mar chuid den phróiseas iarratais ar an MGO in 2024 nó 2025. I gcás iarrthóirí a bhíonn ag cur isteach ar an MGO, bíonn teastais TEG bailí ar feadh tréimhse dhá bhliain. Chun tuillleadh eolais a fháil faoi na scrúduithe a bheidh ar siúl sa samhradh, cliceáil anseo.
An mbeidh an táille scrúdaithe inaisíoctha má éiríonn liom sa scrúdú? Ní bheidh.
Chláraigh mé do scrúdú TEG ach níor chuala mé ó Oifig TEG. Cad a dhéanfaidh mé?
Ba cheart go mbeadh freagra uathoibritheach faighte agat díreach tar éis duit clárú don scrúdu. Sa teachtaireacht sin, tá an uimhir idirbhirt agus admháil don táille a d’íoc tú. Mura bhfuair tú seo, cuir ríomhphost chuig teanga@mu.ie láithreach. Má tá sé seo faighte agat, ba cheart go bhfaighfeá an t-eolas faoi do scrúdú ar ríomhphost 10 -14 lá roimh an scrúdú.
Má tá ceisteanna agat faoi scrúdú TEG, seol ríomhphost chuig teanga@mu.ie nó glaoigh ar 01 708 3737.
Má tá ceisteanna agat faoin gcúrsa MGO, ba cheart duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an institiúid oideachais chuí:
- Institiúid Oideachais DCU Institute of Education, Campas Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9. ioe@dcu.ie 01-8842212
- Froebel Department of Primary and Early Childhood Education, Maynooth University froebel.department@mu.ie 01-4747400
- Anne-Marie Hannon, Coláiste Mhuire gan Smál, An Cuarbhóthar Theas, Luimneach. admissions@mic.ul.ie 061-204929
- Eimear Breathnach, Admissions Officer, Institiúid Oideachais Marino, Marino, Baile Átha Cliath 9. admissions@mie.ie 01-8057742 *Baineann Institiúid Oideachais Marino úsáid as córas Maestro chun iarratais a phróiseáil