• TEG & an Státseirbhís

    TEG & an Státseirbhís

    Eolas Úsáideach d’Iarrthóirí 

    Cuireann TEG sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge. Tá TEG ag comhoibriú le OneLearning agus Gaelchultúr/Coláiste na hÉireann le scrúduithe cumais agus teastais a chur ar fáil d’fhostaithe de chuid an státchórais.  

    Beidh scrúduithe ar siúl ó Bhonnleibhéil 1 (A1) go Ardleibhéal 1 (C1) dhá uair sa bhliain. Tá sceideal ar fáil thíos. 

    Tá siollabais, scrúduithe samplacha agus tuairisc an Phríomhscrúdaitheora ar fáil ag gach leibhéal ag na naisc thíos:  

    Leibhéal Dáta an scrúdaithe

    Bonnleibhéal 1 (A1)

    Scrúdú cainte amháin

    30 Samhain & 1 Nollaig 2026 (ar líne)

    Bonnleibhéal 2 (A2)

    Scrúdú cainte amháin

    2 & 3 Nollaig 2026 (ar líne) 

    Meánleibhéal 1 (B1)

    Scrúdú cainte amháin

    7 & 8 Nollaig 2026 (ar líne)

    Meánleibhéal 2 (B2)

    Scrúdú cainte amháin

    9 & 10 Nollaig 2026 (ar líne)

    Ardleibhéal 1 (C1) 

    Scrúdú cainte amháin

    27 Samhain 2026 (Ollscoil Mhá Nuad)

    Beimid i dteagmháil le hiarrthóirí le hiarraidh orthu foirm iarratais a líonadh san Fhómhar.

    Spriocdháta d'iarratais: 5 Samhain 2026

    Teagmháil 

    Má tá ceist agat a bhaineann le ranganna Ghaelchultúir, déan teagmháil le Gaelchultúr ag cgg@gaelchultur.com 

    Má tá ceist agat maidir le scrúduithe TEG, bí i dteagmháil le hOifig TEG ag teg@mu.ie 

    Tairseach TEG

    Is féidir logáil isteach ar thairseach TEG anseo

    Ceisteanna Coitianta

    Conas is féidir le hiarrthóirí ón Státseirbhís clárú do scrúdú TEG?

    Beidh foirm iarratais faoi leith ar fáil d’iarrthóirí ón Státseirbhís. Más fostaí de chuid na Státseirbhíse thú atá cláraithe do chúrsa le OneLearning/Gaelchultúr, beidh foireann TEG i dteagmháil leat i seachtain 4 den chúrsa le hiarraidh ort an fhoirm chlárúcháin a chomhlánú.  

    Cad é an próiseas deimhnithe aitheantais?

    Is ar lá an scrúdaithe féin a bheidh an cárta aitheantais le taispeáint ag iarrthóirí. Seo an cur chuige a bheidh i gceist: 

    • Seiceáil bheo ag an bhfeitheoir: Ag tús do sheisiúin Webex ar líne, iarrfaidh an feitheoir ort do chárta aitheantais a thaispeáint don cheamara gréasáin.
    • Seiceáil ag na scrúdaitheoirí: Nuair a théann tú isteach sa seomra scrúdaithe, seiceálfaidh na scrúdaitheoirí do chárta aitheantais arís lena chinntiú gur tusa an duine atá cláraithe don scrúdú.

     Is cuid thábhachtach de phróisis TEG an deimhniú aitheantais; mar sin, moltar d’iarrthóirí na treoracha thíos a léamh go cúramach.

    • Má dhéanann tú scrúdú cainte TEG ar líne, beidh ort cárta aitheantais a thaispeáint don fheitheoir sa seomra feithimh agus arís don scrúdaitheoir sa seomra scrúdaithe.
    • Glacfar le pas reatha, ceadúnas tiomána reatha, cárta mic léinn reatha nó le cárta aitheantais náisiúnta. Ba cheart go mbeadh an t-ainm ar do chárta aitheantais ag teacht leis an ainm a d’úsáid tú agus tú ag clárú do scrúdú TEG.
    • Lena chinntiú go mbeidh do chárta aitheantais le feiceáil go soiléir, cinntigh go bhfuil an ceamara ag feidhmiú mar is ceart agus nach bhfuil aon chúlra fíorúil i bhfeidhm agat.
    • Mura mbíonn cárta aitheantais bailí ag iarrthóir nó mura mbíonn an cárta le feiceáil go soiléir ag an bhfeitheoir agus an scrúdaitheoir, ní cheadófar don iarrthóir tabhairt faoin scrúdú. 

    An mbeidh mé in ann an scrúdú a chur siar nó a chur ar ceal i ndiaidh dom clárú?

    Ní bheimid in ann na táillí scrúdaithe a aisíoc i ndiaidh an tríú seachtain den téarma teagaisc. Mura féidir le hiarrthóir freastal ar an scrúdú ar chúiseanna eisceachtúla (mar shampla, tinneas), d'fhéadfaí cead a thabhairt don duine sin an scrúdú a chur siar go dtí an chéad bhabhta eile scrúduithe. Déanfar na cásanna seo a mheas de réir mar a thagann siad chun cinn. Beidh ar iarrthóirí teastas dochtúra a chur ar fáil i gcásanna dá leithéid. 

    Cén áit agus cathain a bheidh na scrúduithe ar siúl?

    Tá gach eolas maidir le dátaí agus ionaid scrúduithe ar fáil anseo. Beidh foireann TEG i dteagmháil leat coicís roimh an scrúdú maidir le ham an scrúdaithe cainte. 

    Chláraigh mé do scrúdú TEG ach níor chuala mé ó Oifig TEG. Cad a dhéanfaidh mé?

    Ba cheart go mbeadh freagra uathoibríoch faighte agat díreach tar éis duit clárú don scrúdú. Sa teachtaireacht sin, tá an uimhir idirbhirt. Mura bhfuair tú seo, cuir ríomhphost chuig teg@mu.ie láithreach. Má tá sé seo faighte agat, beidh foireann TEG i dteagmháil leat arís coicís roimh an scrúdú le breis eolais a thabhairt duit. 

     Is iarrthóir faoi mhíchumas mé. An féidir liom scrúdú TEG a dhéanamh? 

    Tá polasaí ag foireann TEG réimse tacaíochtaí a chur ar fáil lena chinntiú go mbeidh rochtain iomlán ar scrúduithe TEG ag iarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil deacrachtaí foghlama faoi leith acu, agus cuirtear na tacaíochtaí agus socruithe réasúnacha ar fáil nuair is gá. Ní mór d’iarrthóirí a bhfuil míchumas/deacracht foghlama acu fianaise a chur ar fáil do Lárionad na Gaeilge.

    Bíonn dhá céim i gceist leis sin.

    1. Is gá an t-eolas cuí a thabhairt ar an fhoirm iarratais.
    2. Anuas air sin, is gá don iarrthóir na cáipéisí oifigiúla tacaíochta a sheoladh ar ríomhphost chuig teg@mu.ie ar a laghad trí seachtaine roimh dháta an scrúdaithe. Ba cheart go mbeadh treoir shoiléir sna cáipéisí sin faoi na tacaíochtaí breise atá ag dul don iarrthóir. Is faoin iarrthóir atá sé teagmháil a dhéanamh le Lárionad na Gaeilge má bhíonn aon soiléiriú le déanamh maidir leis an treoir a thugtar sna cáipéisí oifigiúla.
    3. Mura mbíonn an t-eolas iomlán faighte ag Lárionad na Gaeilge trí seachtaine roimh dháta an scrúdaithe ní féidir a chinntiú go ndéanfar an freastal cuí ar iarrthóir a bhfuil riachtanais faoi aige/aici.

    Más mian leat do chuid riachtanas a phlé, déan teagmháil linn ar (01) 708 3737 nó cuir ríomhphost chuig teg@mu.ie.

    Cathain a gheobhaidh mé mo chuid torthaí? 

    Má tá tú cláraithe do scrúdú i mí na Nollag, cuirfear do chuid torthaí chugat faoi dheireadh mhí Eanáir. Má tá tú cláraithe do scrúdú an tsamhraidh, cuirfear do chuid torthaí chugat faoi dheireadh mhí Iúil.

    Nílim sásta le mo chuid torthaí. Cad is féidir liom a dhéanamh?

    Tá rogha ag iarrthóirí ar scrúduithe TEG achomharc a iarraidh má shásaíonn a n-iarratas na forais achomhairc seo a leanas: 

    • Fianaise ar mhírialtacht shubstainteach sa chaoi ar reáchtáladh an scrúdú; 
    • Fianaise ar chlaontacht shubstainteach i gcás duine amháin nó níos mó de na scrúdaitheoirí maidir le cinneadh a dhéanamh; 
    • Fianaise shoiléir, chuimsitheach go bhfuil an grád a bronnadh míchruinn. 

    Bíonn táille €80 ar Achomharc ar an scrúdú cainte. Sa chás go dtagann ardú ar ghrád mar gheall ar achomharc, gheobhaidh an t-iarrthóir aisíocaíocht ar an táille seo. 

    Le híoc as Achomharc, cliceáil anseo.

    Le foirm iarratais le haghaidh Achomhairc a íoslódáil, cliceáil anseo. 

    Ní mór d’iarrthóirí a chinntiú go ndéanfaidh siad iarratas ar achomharc roimh an spriocdháta – 10 lá oibre i ndiaidh dúinn na torthaí a eisiúint. Eisítear torthaí ar achomhairc trí seachtaine i ndiaidh dháta an iarratais, de ghnáth. 

    Cad é an pasmharc?

    Faoi láthair, is páirtchreidiúint (an scrúdú cainte amháin) a dhéanann iarrthóirí OneLearning/Ghaelchultúir.

    Sa scrúdú cainte, is é 50% an pasmharc ag na leibhéil Bonnleibhéal 1 (A1) go Meánleibhéal 2 (B2). Is é 60% an pasmharc ag Ardleibhéal 1 (C1).

    Cén t-ardán a bheidh in úsáid do na scrúduithe cainte ar líne?

    Is ar Webex a bheidh an scrúdú ar siúl. Ba cheart go mbeadh aip Webex íoslódáilte ar an ngléas a bheidh in úsáid agat chun an scrúdú a dhéanamh. Cuirfear nasc Webex don scrúdú féin chugat 1–2 lá roimh an scrúdú. 

    Féach an físeán seo chun breis eolais a fháil ar leagan amach scrúdú A1 & A2

    Féach an físeán seo chun breis eolais a fháil ar leagan amach scrúdú B1 & B2

    Conas a roinnfear an rólghníomhaíocht/sraith pictiúr liom le linn an scrúdaithe?

    Roinnfidh an scrúdaitheoir a scáileán leat. Roinnfidh sé sleamhnáin PPT leat ar a mbeidh an rólghníomhaíocht/sraith pictiúr. Seo thíos sampla den chineál ruda a roinnfear leat.

    Scrúdú samplach ar líne

    Cén t-ullmhúchán ba cheart dom a dhéanamh roimh lá an scrúdaithe?

    Moltar duit na hullmhúcháin chuí a dhéanamh roimh ré sa chaoi is nach mbeidh aon deacrachtaí teicniúla nó eile agat lá an scrúdaithe:

    • Áit chiúin a roghnú ina ndéanfaidh tú an scrúdú;
    • Ba cheart go mbeadh ceangal maith idirlín san áit sin;
    • Ba cheart go mbeadh aip Webex íoslódáilte ar an ngléas a bheidh in úsáid agat chun an scrúdú a dhéanamh;
    • Is gá an scrúdú a dhéanamh ar ríomhaire glúine nó ar ríomhaire deisce. Níl cead an scrúdú ar líne a dhéanamh ar do ghuthán póca ná ar thaibléad mar beidh sé deacair léaráidí/íomhánna a fheiceáil i gceart. Ní ligfear d'iarrthóirí a úsáideann fón nó taibléad an scrúdú a dhéanamh.
    • Is gá a chinntiú roimh an scrúdú go bhfuil an fhuaim, an ceamara agus an micreafón ag oibriú i gceart;
    • Lean cibé treoracha a chuireann foireann TEG chugat maidir le pictiúr de do chárta aitheantais a uaslódáil ar Thairseach TEG.

    Cuirfear nasc Webex don scrúdú féin chugat le ríomhphost 1–2 lá roimh an scrúdú.

    Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn deacrachtaí teicniúla agam?

    • Cúpla lá roimh an scrúdú agus arís ar lá an scrúdaithe féin, ba chóir a chinntiú go bhfuil Webex ag obair ar do ríomhaire agus go bhfuil d'fhuaim, do mhicreafón agus do cheamara ag feidhmiú i gceart. 
    • Ar lá an scrúdaithe, déanfaidh an feitheoir iarracht cabhrú leat má bhíonn deacrachtaí teicniúla agat sa seomra feithimh.
    • Déanfaidh na scrúdaitheoirí iarracht cabhrú leat má bhíonn deacrachtaí teicniúla agat sa seomra feithimh.
    •  Má leanann na deacrachtaí seo ar aghaidh, déan teagmháil le hOifig TEG láithreach ag teg@mu.ie agus déanfaimid gach iarracht freastal ort. 

    Cén gléas ba chóir dom a úsáid don scrúdú?

    Is gá an scrúdú a dhéanamh ar ríomhaire glúine nó ar ríomhaire deisce. Ní bheidh cead ag iarrthóirí an scrúdú ar líne a dhéanamh ar do ghuthán póca ná ar thaibléad.

    Cad ba cheart dom a dhéanamh lá an scrúdaithe?

    • Déan cinnte go bhfuil tú in áit chiúin agus go bhfuil an ceangal idirlín, Webex, an fhuaim, an ceamara agus an micreafón ag oibriú i gceart;
    • Bí cinnte go bhfuil d’uimhir scrúdaithe agus cóip de do chárta aitheantais agat;
    • Beidh ort an cárta aitheantas a thaispeáint don fheitheoir agus arís do na scrúdaitheoirí cainte;
    • Iarrtar ort a bheith ar líne 5 nóiméad roimh thús an scrúdaithe. Ná bí buartha má bhíonn moill ar do scrúdú. Tarlaíonn sé seo uaireanta ar chúiseanna nach mbíonn smacht againn orthu. Cuirfidh an feitheoir ar an eolas thú má bhíonn moill níos mó ná 15 nóiméad ar do scrúdú.

    Cén leagan amach a bheidh ar an scrúdú ar líne?

    Baintear úsáid as Webex le haghaidh scrúduithe ar líne. Cuirfear nasc chugat cúpla lá roimh an scrúdú agus ní mór cliceáil air sin chun dul chomh fada le feitheoir de chuid TEG. Seiceálfaidh siad do chárta aitheantais agus rachaidh tú ar aghaidh chuig an scrúdú. Ag leibhéal A1 & A2, tugann an feitheoir 5 nóiméad duit chun ullmhúchán a dhéanamh ar an rólghníomhaíocht.

    Féach an físeán seo chun breis eolais a fháil ar leagan amach scrúdú A1 & A2

    Féach an físeán seo chun breis eolais a fháil ar leagan amach scrúdú B1 & B2

    Conas agus cén fáth a ndéantar mo scrúdú cainte a thaifeadadh?

    Déantar taifeadadh fuaime ar gach scrúdú cainte, bíodh an scrúdú sin ar siúl ar an láthair in ionad scrúdaithe nó ar líne. Baineann scrúdaitheoirí cainte úsáid as taifeadáin dhigiteacha MP3 chuige seo; ní dhéantar aon taifeadadh físe.

    Ag deireadh gach seisiúin scrúdaithe, seoltar gach ábhar scrúdaithe ar ais go slán sábháilte chuig Oifig TEG in Ollscoil Mhá Nuad, áit a ndéanann ball d’fhoireann riaracháin TEG na comhaid fuaime a uaslódáil chuig TEAMS. Chun cosaint sonraí a chinntiú, is ag croífhoireann riaracháin agus tástála TEG amháin atá rochtain ar na comhaid seo. Scriostar gach taifeadadh go slán tar éis cúig bliana.

    Is dlúthchuid de phróiseas scrúdaithe TEG é an caighdeánú a tharlaíonn tar éis na scrúduithe iad féin. Cinntíonn an próiseas caighdeánaithe seo go mbíonn na scéimeanna agus na critéir mharcála curtha i bhfeidhm i gceart, go cothrom agus go seasta. Cuireann na taifeadtaí seo ar chumas chroífhoireann tástála TEG athbhreithniú a dhéanamh ar obair gach bheirt scrúdaitheoirí. Tá taifeadtaí riachtanach chomh maith chun athmheasúnú a dhéanamh ar scrúduithe i gcás achomhairc.

    Is féidir samplaí anaithnide de thaifeadtaí a úsáid freisin chun críocha oiliúna scrúdaitheoirí agus taighde institiúideach, d’fhonn ardchaighdeáin cháilíocht TEG a chinntiú.

    Tá ceist agam faoi na ranganna. Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil?

    Má tá ceist agat a bhaineann le ranganna Ghaelchultúir, déan teagmháil le Gaelchultúr ag cgg@gaelchultur.com 

    Tá ceist agam faoin scrúdú. Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil?

    Má tá ceist agat maidir le scrúduithe TEG, bí i dteagmháil le hOifig TEG ag teg@mu.ie