• Nuacht

    Nuacht

    Gradam TEG bronnta ar Roibeard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí

    By tegadmin 10/11/2017 | 0 comments
    Ba le linn Oireachtas na Samhna 2017 i gCill Áirne a bhronn Ollscoil Mhá Nuad teastais de chuid Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ar iarrthóirí rathúla ó Chontae Chiarraí a rinne scrúduithe cainte TEG le déanaí.  Sa mhullach air sin, bronnadh gradam nua, Gradam TEG, ar Oifig na Gaeilge, Comhairle Chontae Ciarraí, chun aitheantas a thabhairt don obair mhór atá déanta ag an eagraíocht an Ghaeilge a chur chun cinn sa láthair oibre agus ar fud an chontae. 

    Folúntas - Oifigeach Forbartha TEG á lorg

    By tegadmin 20/02/2017 | 0 comments
    I bhfianaise an bhorrtha agus na bhforbairtí eile atá beartaithe againn, tá Lárionad na Gaeilge ag lorg duine cruthaitheach tionscantach mar Oifigeach Forbartha TEG ar chonradh trí bliana.

    Teastais TEG bronnta i gCiarraí

    By tegadmin 13/01/2017 | 0 comments
    Bronnadh teastais TEG ar fhiche ball foirne de chuid Chomhairle Contae Chiarraí ar an 13 Nollaig 2016. Tá Comhairle Contae Chiarraí tiomanta chun deiseanna a chothú agus a fhorbairt do mhuintir Chiarraí chun a gcuid gnó a dhéanamh leo i gceachtar de dhá theanga oifigiúil an Stáit.   Ag labhairt di as Gaeilge, dúirt Moira Morrell, Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle Contae ag an searmanas  “Is seoda luachmhara iad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, tobar na teanga do phobal na hÉireann agus don Diaspóra ar fud an domhain, tobar a chuireann le cáilíocht ár mbeatha, le mórtas ceantair agus le Ciarraí mar cheann scríbe turasóireachta.  Mar Údarás Áitiúil, tá ról tábhachtach ag Comhairle Contae Chiarraí fís aontaithe a chothú chun ár dteanga náisiúnta agus ár gcultúr a fhorbairt agus a chur chun cinn ar mhaithe le gach éinne".

    Gaeilge do Thuismitheoirí

    05/10/2016 | 0 comments
    Tá suíomh idirlín úrnua cruthaithe ag Gaelscoileanna do thuismitheoirí, www.irishforparents.ie,  a bhfuil a leanaí ag freastal ar Ghaelscoileanna gur mhaith leo cur lena gcuid Gaeilge féin agus mar acmhainn do mhúinteoirí a mhúineann ranganna Gaeilge do thuismitheoirí. Ar an suíomh seo, cuirtear acmhainní foghlama agus teagaisc atá dírithe ar shaol laethúil an teaghlaigh. Tá an t-ábhar bunaithe ar Shiollabais TEG, rud a chiallaíonn gur féidir le foghlaimeoirí dul i dtreo Scrúduithe TEG agus cáilíocht a bhaint amach sa Ghaeilge.   

    Page 3 of 4