Cuireann TEG sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge. Tá scrúduithe TEG á ndéanamh ag daltaí meánscoile i scoileanna timpeall na tíre le roinnt mhaith blianta anuas. Tugann na siollabais agus an t-ábhar teagaisc sprioc foghlama an-chinnte do mhúinteoirí agus d'fhoghlaimeoirí araon. Seo thíos an t-eolas maidir le scrúduithe TEG i meánscoileanna don scoilbhliain 2026-2027.
Ó Mheán Fómhair 2026, beidh teastas páirtchreidiúna TEG, is é sin, scrúdú cainte B1 nó B2 amháin, á thairiscint againn do dhaltaí sa tsraith shinsearach i scoileanna T1.
Sa scéim seo, tabharfar tús áite do mheánscoileanna T1, is é sin, meánscoileanna atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó meánscoileanna lán-Ghaeilge, atá ag iarraidh scrúdú cainte TEG B1 agus/nó scrúdú cainte TEG B2 a dhéanamh. Glacfar le huasmhéid 700 dalta ó na scoileanna seo faoin scéim i mbliana.
Más múinteoir i scoil T2 thú ar spéis leat na scrúduithe cainte a dhéanamh i do scoil féin, déan teagmháil linn agus fiosróimid na féidearthachtaí.
Ní chuirtear scrúduithe ag leibhéal A1 ná A2 ar fáil i scoileanna. Má bhíonn daltaí scoile ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe sin, beidh deis acu sin a dhéanamh go fóill in ionaid scrúdaithe oifigiúla ar na dátaí atá fógartha ar www.teg.ie.
Tá córas scrúduithe TEG oiriúnach do dhaltaí atá i mBliain 4, 5, nó 6 agus atá 15 mbliana d’aois nó níos sine.
Tá siollabais, scrúduithe samplacha agus ábhar teagaisc cuimsitheach ar fáil ag gach leibhéal. Roghnaíonn an múinteoir an leibhéal cuí, ag brath ar chumas na ndaltaí. Is féidir le hoifig TEG treoir agus comhairle a chur ar fáil maidir leis na leibhéil.
Tá triail socrúcháin teanga forbartha againn chomh maith, a thabharfaidh léargas ginearálta do mhúinteoirí agus do dhaltaí maidir lena gcumas reatha sa Ghaeilge.
Tá ábhar teagaisc samplach ar fáil ar www.snas.ie atá oiriúnach do dhaltaí meánscoile atá ag ullmhú do scrúduithe B1 agus B2. Tá ábhar nua á fhorbairt ag Snas do leibhéil A1 agus A2 faoi láthair. Idir an dá linn, tá ábhar samplach ar fáil ag an nasc seo.
Seo Tuairisc an Phríomhscrúdaitheora (2025) ar Scrúduithe TEG sna Scoileanna.