Nuacht

Scrúdú cainte TEG B1 don MGO -scrúdú breise

By tegadmin 08/02/2020 | 0 comments
Tá feachtas earcaíochta ar siúl faoi láthair ag na hInstitiúidí Oideachais d’áiteanna ar chláir an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a mbeidh tús á gcur leo i mí Mheán Fómhair 2020.  Mar chuid den phróiseas iontrála, beidh ar iarrthóirí scrúdú a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas ag Meánleibhéal 1 (B1) de chuid Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Tá scrúdú breise á chur ar fáil ag TEG d’iarrthóirí nár éirigh leo an scrúdú a dhéanamh an chéad bhabhta i mbliana. Ar an Satharn 29 Feabhra a bheidh an scrúdú ar siúl i Má Nuad amháin. Beidh ar mhic léinn 65% a ghnóthú sa scrúdú cainte mar choinníoll iontrála. Tá tuilleadh eolais, scrúduithe samplacha agus an fhoirm iarratais ar fáil anseo.  

Scrúduithe TEG 2020 - Dáta socraithe

By tegadmin 04/10/2019 | 0 comments
Tá na dátaí do scrúduithe TEG Earrach agus Samhradh 2020 ar fáil anseo.  Ba cheart d'iarrthóirí ionchasacha ar an MGO dul go dtí an leathanach seo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Scrúdú Cainte TEG Meánleibhéal 1 (B1) a bheidh ar siúl i mí Eanáir agus Feabhra.  

Athruithe ar an bpróiseas iontrála iarchéime do mhúinteoireacht bhunscoile

By tegadmin 15/11/2018 | 0 comments
Ar an 13 Samhain, d'fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D., plean nua chun scrúdú cainte Gaeilge amháin a chur ar scoláirí atá ag iarraidh cur isteach ar chláir iarchéime do mhúinteoireacht bhunscoile atá á reáchtáil ag DCU, Ollscoil Mhaigh Nuad, Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste Mhuire gan Smál (na ceithre sholáthróir d’oiliúint bhunscoile do mhúinteoirí, arna maoiniú ag an Stát). 

Ceist Nua i Scrúdú cainte Mheánleibhéal 1 (B1)

By tegadmin 12/09/2018 | 0 comments
Do dhaoine atá ag smaoineamh ar Scrúdú Mheánleibhéal 1 (B1) a dhéanamh i 2019, tá sé tábhachtach go mbeidh siad ar an eolas go mbeidh mír nua mar chuid den scrúdú cainte as seo amach.  Maraon le ceisteanna a fhreagairt agus cur síos a dhéanamh ar phictiúr, beidh ar iarrthóirí páirt a ghlacadh i rólghníomhaíocht mar chuid den scrúdú cainte.  Tá gach eolas anseo.  

Scrúduithe TEG - Samhradh 2018

By tegadmin 25/05/2018 | 0 comments
Beidh scrúduithe TEG Meánleibhéal 1 (B1), Meánleibhéal 2 (B2), Ardleibhéal 1 (C1) agus Bonnleibhéal 2 (A2) ar siúl i mí Iúil agus i mí Lúnasa 2018. Cliceail anseo chun eolas a fháil maidir le dátaí agus iarratais.  

Gradam TEG bronnta ar Roibeard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí

By tegadmin 10/11/2017 | 0 comments
Ba le linn Oireachtas na Samhna 2017 i gCill Áirne a bhronn Ollscoil Mhá Nuad teastais de chuid Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ar iarrthóirí rathúla ó Chontae Chiarraí a rinne scrúduithe cainte TEG le déanaí.  Sa mhullach air sin, bronnadh gradam nua, Gradam TEG, ar Oifig na Gaeilge, Comhairle Chontae Ciarraí, chun aitheantas a thabhairt don obair mhór atá déanta ag an eagraíocht an Ghaeilge a chur chun cinn sa láthair oibre agus ar fud an chontae. 

Folúntas - Oifigeach Forbartha TEG á lorg

By tegadmin 20/02/2017 | 0 comments
I bhfianaise an bhorrtha agus na bhforbairtí eile atá beartaithe againn, tá Lárionad na Gaeilge ag lorg duine cruthaitheach tionscantach mar Oifigeach Forbartha TEG ar chonradh trí bliana.

Page 2 of 3