Cuireann TEG sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge. Mar chuid den phróiseas iontrála, beidh ar iarrthóirí ar an B.Oid trí mheán na Gaeilge scrúdú a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas ag Meánleibhéal 1 (B1) de chuid Theastas Eorpach na Gaeilge. Beidh ar mhic léinn 50% nó os a chionn a ghnóthú sa scrúdú iomlán mar choinníoll iontrála. Clúdóidh an scrúdú na scileanna ar fad: Labhairt, Cluastuiscint, Scríbhneoireacht agus Léitheoireacht. Tá tuilleadh eolais agus páipéir shamplacha thíos.
Costas: €170
Dáta scrúdaithe: Bealtaine 2026
Foirm iarratais dúnta
Ionaid scrúdaithe: Ionaid éagsúla in Éirinn, ag brath ar éileamh.
Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino an táille do scrúdú TEG ar ais do scoláirí rathúla i scrúdú TEG a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino.
A. Siollabas Mheánleibhéal 1 (B1), Páipéir Shamplacha 1 agus 2 agus Ábhar teagaisc samplach
B. Siollabas agus treoir d’iarrthóirí
C. Tuairisc an Phríomhscrúdaitheora
D. Físeán Eolais
Ceisteanna Coitianta
An bhfuil aon phointí breise CAO le fáil d'iarrthóirí a fhaigheann Pas (50% nó níos airde) i Scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1)?
Tá. Maidir le pointí CAO don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge amháin, beidh 40 pointe sa bhreis ag dul do gach iarrthóir a fhaigheann Pas (50% nó níos airde) i Scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1). Ní bheidh níos mó ná 40 pointe ag dul d’aon iarrthóir a fhaigheann marc níos airde ná 50% i Meánleibhéal 1 (B1) ná pas i scrúdú TEG atá ag leibhéal níos airde ná Meánleibhéal (B1). Baineann an socrú seo leis an gcúrsa seo amháin. Má tá aon cheisteanna agat maidir leis seo, déan teagmháil dhíreach le hInstitiúid Oideachais Marino (01 805 7700).
Cathain a eiseofar torthaí an scrúdaithe seo?
Eiseofar torthaí 6-8 seachtaine tar éis na scrúduithe. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir iad a eisiúint níos luaithe.
Níl mé sásta leis an ghrád atá faighte agam, nó tá ceist agam mar gheall ar an ghrád nó an chaoi ar éirigh liom. Cad is féidir liom a dhéanamh?
I gcás iarrthóirí atá míshásta leis an ghrád atá faighte acu i scrúdú de chuid TEG, nó a bhfuil ceisteanna acu faoin ghrád sin, is féidir leo achomharc a lorg.
Tá gach eolas faoin bpróiseas seo (lena n-áirítear eolas faoi tháillí agus foirm iarratais) le fáil anseo.
Má tá ceisteanna agat faoin scrúdú seo, seol ríomhphost chuig teg@mu.ie nó glaoigh ar 01 708 3737.
Tá gach eolas faoin gcúrsa féin, An Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) ar fáil anseo.