Tá aitheantas oifigiúil ag TEG ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Sásaíonn TEG Meánleibhéal 2 (B2) na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais. Is deis iontach é seo do dhaoine ar mhaith leo dul le gairm na múinteoireachta nach bhfuil na riachtanais chuí iontrála acu do na coláistí oideachais, mar shampla, Gaeilge Ardleibhéal na hArdteistiméireachta.
Ina chuideachta sin, ní mór d’iarrthóirí ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) ar a laghad 65% a bhaint amach i scrúdú cainte TEG Meánleibhéal 1 (B1) chun iarratas a dhéanamh ar an chlár sin. Tuilleadh eolais anseo.
I gcás iarrthóirí a bhfuil teastas seachas an Teastas Ardteistiméireachta acu, mar shampla an Dioplóma Idirnáisiúnta nó Baccalauréat na Fraince, agus a fuair bunoideachas agus iar-bhunoideachas i bPoblacht na hÉireann, sásóidh pas i Scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1) riachtanas na Gaeilge chun máithreánú.
Tugann córas scrúduithe TEG cruthúnas d'fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist nó d'ardú céime. Tá tábhacht faoi leith leis seo ó tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm. Iarrann eagraíochtaí éagsúla in Éirinn anois cáilíocht de chuid TEG mar bhunriachtanas iontrála i gcás fostaithe nua, nó baineann siad úsáid as scrúduithe TEG chun cumas Gaeilge iarrthóirí ar phoist, scéimeanna, gradaim nó cúrsaí a mheas.