Beidh scrúduithe TEG ar siúl ag leibhéal A1, A2, B1 & B2 i mí na Bealtaine & mí an Mheithimh 2026.
Tá an fhoirm clárúcháin oscailte d'iarrthóirí ar an gcúrsa B.Oid trí Ghaeilge in Marino. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Tá Oifigeach Forbartha Teicneolaíochta á earcú ag TEG faoi láthair le comhordú a dhéanamh ar fhorbairtí a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta mar chuid den chóras tástála, TEG. Beidh an té a cheapfar freagrach as forbairtí nua teicneolaíochta a chur i bhfeidhm; lena n-áirítear suíomh nua gréasáin, córas nua clárúcháin agus bainistíochta sonraí & cumarsáide, ardán le haghaidh na tástála digití agus teastais dhigiteacha. Beidh cumas Gaeilge ag leibhéal B2 ar a laghad ag teastáil. Tá breis sonraí ar fáil anseo: https://my.corehr.com/pls/nuimrecruit/apply?id=037703
Tá dátaí scrúdaithe fógartha ag roinnt leibhéil sna míonna atá romhainn. Tá siad ar fáil anseo
Is féidir clárú do scrúdú cainte B1 anois más iarrthóir ar chúrsa MGO thú.
Beidh scrúduithe TEG ar siúl ag leibhéal A1, A2, B1 & B2 i mí na Bealtaine & mí an Mheithimh 2024.
Tá dáta breise ar fáil do scrúdú cainte TEG B1 d'iarrthóirí ar an MGO (Bunmhúinteoireacht). Beidh na scrúduithe ar siúl ar an 24 Feabhra 2024 i Má Nuad amháin.
Is féidir clárú anois do scrúdú iomlán B1 d'iarrthóirí ar an mBaitsiléir san Oideachas trí mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Beidh na scrúduithe ar siúl ar an 16/17 Feabhra 2024 timpeall na tíre. Is féidir teacht ar an bhfoirm iarratais agus ar eolas breise anseo.
Beidh scrúduithe cainte B1 á reáchtáil in ionaid scrúduithe timpeall na tíre, mí Eanáir agus Feabhra 2024. Tá an fhoirm iarratais ar fáil anois.
Beidh scrúdú Meánleibhéal 2 (B2) agus Ardleibhéal 1 (C1) á reáchtáil i Má Nuad i mí na Nollag 2023. Tá an fhoim iarratais ar fáil anseo agus is é an 13 Samhain 2023 an spriocdháta d'iarratais.
Tá dáta breise ar fáil do scrúdú cainte TEG B1 d'iarrthóirí ar an MGO (Bunmhúinteoireacht). Beidh na scrúduithe ar siúl ar an 25 Feabhra 2023 i Má Nuad amháin.
Táimid ag glacadh le hiarratais ar scrúduithe TEG do ghrúpaí daltaí meánscoile anois.
Beidh scrúdú TEG B1 agus B2 ar siúl i mí Lúnasa 2022. Tá eolas maidir leis na dátaí agus na spriocdhátaí ar fáil anseo.
Beidh scrúduithe TEG ó leibhéal A1 go B2 ar siúl i mí Aibreáin agus Bealtaine 2022. Tá eolas maidir leis na dátaí agus na spriocdhátaí ar fáil anseo.
Tá feachtas earcaíochta ar siúl faoi láthair ag na hInstitiúidí Oideachais d’áiteanna ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a mbeidh tús á gcur leo i mí Mheán Fómhair 2022.