• Dátaí & ionaid TEG 2025-26

    Dátaí & ionaid TEG 2025-26

    Cuirfear eolas uasdátaithe maidir leis na scrúduithe ar fáil anseo agus ar Facebook, ar Twitter agus ar Instagram.

    Dátaí Scrúdaithe 2025-26

    Leibhéal 

    Dáta an Scrúdaithe

    Ionad

    Cláraigh

    Ardleibhéal 1 (C1)

    Scrúdú cainte: 5 Nollaig 2025

    Scrúdú scríofa: 6 Nollaig 2025

    Má Nuad

    Foirm iarratais dúnta

    Spriocdháta d'iarratais: 6 Samhain 2025

    Meánleibhéal 2 (B2)

    Scrúdú cainte: 12 & 13* Nollaig 2025

    Scrúdú scríofa: 13 Nollaig 2025

    Má Nuad

    Foirm iarratais dúnta

    Spriocdháta d'iarratais: 6 Samhain 2025

    Meánleibhéal 1 (B1) d'iarrthóirí ar an MGO (Bunmhúinteoireacht)

    Scrúdú cainte amháin

    23 & 24 Eanáir 2026

    6 & 7 Feabhra 2026

    Má Nuad, Luimneach, Gaillimh, Corcaigh, Cill Chainnigh, Trá Lí, Leitir Ceanainn, Caisleán an Bharraigh

    Foirm iarratais ar fáil anseo

    Spriocdháta d'iarratais: Dé hAoine, 2 Eanáir 2026

    Meánleibhéal 1 (B1) d'iarrthóirí B.Oid trí Ghaeilge in Marino

    Scrúdú iomlán amháin

    Scrúdú cainte: 20 & 21* Feabhra 2026

    Scrúdú scríofa: 21 Feabhra 2026

    Ionaid éagsúla in Éirinn Foirm iarratais ar fáil i mí Eanáir 2026

    Meánleibhéal 1 (B1)

    Scrúdú cainte amháin nó scrúdú iomlán

    Scrúdú cainte: 15 & 16 Bealtaine*

    Scrúdú scríofa: 16 Bealtaine

    Ionaid éagsúla in Éirinn & i bPáras Foirm iarratais ar fáil i mí Feabhra 2026

    Meánleibhéal 2 (B2)

    Scrúdú cainte amháin nó scrúdú iomlán

    Scrúdú cainte: 22 & 23 Bealtaine*

    Scrúdú scríofa: 23 Bealtaine

    ionaid éagsúla in Éirinn & i bPáras

    Foirm iarratais ar fáil i mí Feabhra 2026

    Bonnleibhéal 2 (A2)

    Scrúdú cainte amháin nó scrúdú iomlán

    Scrúdú cainte: 5 & 6 Meitheamh*

    Scrúdú scríofa: 6 Meitheamh

    Ionaid éagsúla in Éirinn & i bPáras Foirm iarratais ar fáil i mí Feabhra 2026

    Bonnleibhéal 1 (A1)

    Scrúdú cainte amháin nó scrúdú iomlán

    Scrúdú cainte: 12 & 13 Meitheamh

    Scrúdú scríofa: 13 Meitheamh

    ionaid éagsúla in Éirinn & i bPáras

    Foirm iarratais ar fáil i mí Feabhra 2026

    *Ag brath ar éileamh, d'fhéadfadh sé go mbeadh do scrúdú cainte ar siúl ar an Aoine nó ar an Satharn. Beidh íosmhéid 15 iarrthóir ag teastáil i ngach ionad chun go gcuirfear scrúduithe ar siúl ann.

    Beidh Foireann TEG sásta scrúduithe cainte a reáchtáil i d'ionad oibre/institiúid oideachais féin lasmuigh d'amanna oifigiúla scrúdaithe ach íosmhéid áirithe iarrthóirí a bheith ann. 

    Ionaid scrúdaithe

    Beidh íosmhéid 15 iarrthóir ag teastáil i ngach ionad chun go gcuirfear scrúduithe ar siúl ann.

    Bíonn scrúduithe ar siúl sna hionaid seo thíos: 

    • Má Nuad
    • Leitir Ceanainn
    • Gaillimh
    • Corcaigh
    • Ciarraí

    Más mian leat ionad scrúdaithe TEG a bheith in ionad nach bhfuil luaite thuas, déan teagmháil linn ag teg@mu.ie.

    Ionaid thar lear

    A. Scrúdú iomlán

    • Ag brath ar éileamh, reáchtálfar scrúduithe iomlána A1-B2 i bPáras i mí na Bealtaine/an Mheithimh 2026.
    • Más múinteoir tú, nó má bhíonn tú ag plé le heagraíocht teanga, agus más mian leat go gcuirfí scrúdú iomlán ar fáil áit éigin eile thar lear, déan teagmháil linn ag teg@mu.ie chomh luath agus is féidir chun na féidearthachtaí a phlé.

    B. Scrúdú cainte amháin

    • Má tá tú i bPáras, agus más mian leat an scrúdú cainte amháin a dhéanamh, is féidir an rogha sin a dhéanamh ar an fhoirm iarratais.
    • Más múinteoir tú, nó má bhíonn tú ag plé le heagraíocht teanga, agus más mian leat go gcuirfí scrúduithe cainte ar fáil thar lear do ghrúpa atá faoi do chúram, déan teagmháil linn ag teg@mu.ie chomh luath agus is féidir chun na féidearthachtaí a phlé. Is ar líne a chuirfear scrúduithe cainte ar fáil d'iarrthóirí atá lonnaithe thar lear. Beidh íosmhéid iarrthóirí ag teastáil chun go gcuirfear scrúduithe cainte ar líne ar fáil. 
    • Más iarrthóir tú atá i do chónaí thar lear agus más mian leat cur isteach ar scrúdú cainte ag leibhéal B1 nó B2 chun riachtanais ghairmiúla nó riachtanais oideachais a shásamh (mar shampla, iarratas ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas do bhunmhúinteoireacht) déanfar gach iarracht freastal ort. Is gá duit teagmháil a dhéanamh le teg@mu.ie chomh luath agus is féidir. Beidh ort fianaise ar do sheoladh thar lear a chur ar fáil. Is ar dhátaí oifigiúla scrúdaithe a chuirfear na scrúduithe cainte seo ar siúl. Féach an sceideal anseo. 
    Leibhéal Scrúdú iomlán Scrúdú cainte amháin
    Bonnleibhéal 1 (A1)

    Páras - na dátaí thuas

    In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.

    Páras, 

    Ionaid thar lear

    Bonnleibhéal 2 (A2)

    Páras - na dátaí thuas

    In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.

    Páras

    Ionaid thar lear

    Meánleibhéal 1 (B1)

    Páras

    In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.

    Páras

    Ionaid thar lear

    Meánleibhéal 2 (B2)

    Páras

    In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.

    Páras

    Ionaid thar lear