• Triail teanga ar líne seolta ag TEG

    Triail teanga ar líne seolta ag TEG

    By tegadmin, Tuesday, 2nd June 2020 | 0 comments

    Triail teanga ar líne seolta ag TEG

    Tá triail Ghaeilge ar líne seolta ag Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG), Ollscoil Mhá Nuad, a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí a gcaighdeán sa Ghaeilge a mheas is cuma cén áit sa domhan a bhfuil siad.

    Tá 60 ceist sa triail ar líne agus ní ceisteanna gramadaí amháin atá inti – déantar tástáil ar stór focal agus ar scileanna cluastuisceana agus léamhthuisceana na n-iarrthóirí chomh maith. Tá an triail ar fáil saor in aisce ar shuíomh TEG agus tá sí curtha in oiriúint do ghléasanna móibíleacha chomh maith le ríomhairí.

    Táthar ag súil go dtabharfaidh an triail ar líne treoir d’fhoghlaimeoirí Gaeilge maidir leis an leibhéal is oiriúnaí dóibh féin agus go spreagfaidh sí daoine le tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge.

    “Bíonn daoine drogallach tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge,” a dúirt Siuán Ní Mhaonaigh, Stiúrthóir TEG. “Leis an triail seo, b’fhéidir go bhfeicfeadh daoine go bhfuil níos mó Gaeilge acu ná mar a shíleann siad. Tá súil againn go dtabharfaidh an triail misneach do dhaoine an chéad chéim sin a thógáil ina n-aistear foghlama.”

    Cuireann TEG measúnuithe agus acmhainní ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ag cúig leibhéal éagsúla – ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1) – agus tugtar torthaí d’úsáideoirí na trialach bunaithe ar na leibhéil sin.

    “Ní bhíonn barúil ag foghlaimeoirí in amanna cén leibhéal atá acu ná cén áit le tosú, agus is minic a thugann daoine faoi chúrsaí nach n-oireann dóibh, mar sin. Cuireann siollabais agus scrúduithe TEG spriocanna foghlama cinnte roimh mhúinteoirí agus roimh fhoghlaimeoirí le go mbeidh foghlaimeoirí in ann líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach ar bhealach grádaithe, céim ar chéim. Cuideoidh an triail seo le daoine na ranganna agus na hacmhainní is oiriúnaí dóibh féin a roghnú, agus beidh siad ábalta a ndul chun cinn a mheas fosta.”

    Tá scrúduithe TEG bunaithe go ginearálta ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha (Comhairle na hEorpa, 2001).  Cuireann TEG scrúduithe ar fáil ag amanna éagsúla i gcaitheamh na bliana in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear. Is féidir le hiarrthóirí tabhairt faoi lánchreidiúint ag na leibhéil éagsúla nó tabhairt faoin scrúdú cainte amháin más mian leo cáilíocht faoi leith a bhaint amach sa teanga labhartha.



    Bookmark and Share