• Teastas Eorpach na Gaeilge in Sydney

    Teastas Eorpach na Gaeilge in Sydney

    By tegadmin, Friday, 23rd October 2015 | 0 comments

    Thaistil daoine ó áiteanna éagsúla san Astráil go Sydney le tabhairt faoin scrúdú cainte agus scríbhneoireachta.

    Rinne 33 duine an scrúdú bonnleibhéil don Teastas Eorpach Gaeilge (TEG) i Sydney na hAstráile ag deireadh na seachtaine seo caite, an chéad uair riamh gur tionóladh na scrúduithe sin an taobh sin den domhan.

    Bhí Éireannaigh agus Astrálaigh ó dhúchas ina measc sin a thug faoin scrúdú agus thaistil siad ó chúinní éagsúla den Astráil go Sydney don scrúdú a d’eagraigh Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Rinneadh tástáil ar chumas scríbhneoireachta agus ar chumas cainte na ndaoine a thug faoin scrúdú.

     

    Is féidir tuilleadh a léamh faoin scéal anseo.

     



    Bookmark and Share