Tá feachtas earcaíochta ar siúl faoi láthair ag na hInstitiúidí Oideachais d’áiteanna ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a mbeidh tús á gcur leo i mí Mheán Fómhair 2021. Mar chuid den phróiseas iontrála, caithfidh iarrthóirí scrúdú TEG ag Meánleibhéal 1 (B1) a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas. Beidh ar mhic léinn 65% a ghnóthú sa scrúdú cainte mar choinníoll iontrála.
Ar an 22 & 23 Eanáir 2021 agus an 5 & 6 Feabhra 2021 a bheidh an scrúdú ar siúl in ionaid ar fud na tíre. Tá an fhoirm iarratais ar fáil anois agus is é an 6 Eanáir 2021 an spriocdháta d'iarratais. Tá tuilleadh eolais, scrúduithe samplacha agus an fhoirm iarratais ar fáil anseo.