• Scrúdú Cainte TEG B1 don MGO

    Scrúdú TEG B1 d'Iarrthóirí ar an MGO

    By tegadmin, Monday, 9th November 2020 | 0 comments

    Tá feachtas earcaíochta ar siúl faoi láthair ag na hInstitiúidí Oideachais d’áiteanna ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a mbeidh tús á gcur leo i mí Mheán Fómhair 2021. Mar chuid den phróiseas iontrála, caithfidh iarrthóirí scrúdú TEG ag Meánleibhéal 1 (B1) a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas. Beidh ar mhic léinn 65% a ghnóthú sa scrúdú cainte mar choinníoll iontrála.

    Ar an 22 & 23 Eanáir 2021 agus an 5 & 6 Feabhra 2021 a bheidh an scrúdú ar siúl in ionaid ar fud na tíre. Tá an fhoirm iarratais ar fáil anois agus is é an 6 Eanáir 2021 an spriocdháta d'iarratais. Tá tuilleadh eolais, scrúduithe samplacha agus an fhoirm iarratais ar fáil anseo



    Bookmark and Share