• Scrúdú TEG B1 d'Iarrthóirí ar an MGO 2022

    Scrúdú TEG B1 d'Iarrthóirí ar an MGO 2022 - AR LÍNE

    By tegadmin, Wednesday, 8th December 2021 | 0 comments

    Tá feachtas earcaíochta ar siúl faoi láthair ag na hInstitiúidí Oideachais d’áiteanna ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a mbeidh tús á gcur leo i mí Mheán Fómhair 2022.

    Mar chuid den phróiseas iontrála, caithfidh iarrthóirí scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1) a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas. Beidh ar mhic léinn 65% a ghnóthú sa scrúdú cainte mar choinníoll iontrála.

    Ar an 21 & 22 Eanáir 2022 agus an 4 & 5 Feabhra 2022 a bheidh an scrúdú ar siúl in ionaid ar fud na tíre. Tá tuilleadh eolais, scrúduithe samplacha agus an fhoirm iarratais ar fáil anseo

    De bharr cúrsaí Covid faoi láthair, rinneadh an cinneadh inniu, 4 Eanáir 2022, scrúduithe cainte TEG Meánleibhéal 1 (B1) d'iarrthóirí ar an MGO a reáchtáil ar líne. Cuirfear gach eolas maidir le riar na scrúduithe chuig iarrthóirí in am trátha. Is féidir iarratas a chur isteach go dtí 5PM ar an Déardaoin, 6 Eanáir 2022. 



    Bookmark and Share