• Oifigeach Forbartha Teicneolaíochta á earcú ag TEG

    Oifigeach Forbartha Teicneolaíochta á earcú ag TEG

    By tegadmin, Thursday, 25th September 2025 | 0 comments

    Tá Oifigeach Forbartha Teicneolaíochta á earcú ag TEG faoi láthair le comhordú a dhéanamh ar fhorbairtí a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta mar chuid den chóras tástála, TEG. Beidh an té a cheapfar freagrach as forbairtí nua teicneolaíochta a chur i bhfeidhm; lena n-áirítear suíomh nua gréasáin, córas nua clárúcháin agus bainistíochta sonraí & cumarsáide, ardán le haghaidh na tástála digití agus teastais dhigiteacha. Beidh cumas Gaeilge ag leibhéal B2 ar a laghad ag teastáil. Tá breis sonraí ar fáil anseo: https://my.corehr.com/pls/nuimrecruit/apply?id=037703

    Tá post eile á fhógairt ag Lárionad na Gaeilge don suíomh snas.ie, atá ina lárphointe acmhainní do lucht teagaisc agus foghlama na Gaeilge, iarrthóirí TEG san áireamh. Tá duine cumasach ag teastáil le bainistiú a dhéanamh ar an tionscadal agus le forbairt a dhéanamh ar na hacmhainní teagaisc agus foghlama atá ar fáil ann. Beidh ardchaighdeán Gaeilge (C1) ag teastáil, chomh maith le taithí ar a bheith ag dearadh acmhainní teagaisc agus foghlama, srl. Tá na sonraí ar fad anseo: https://my.corehr.com/pls/coreportal_nuimp/erq_jobspec_details_form.display_form



    Bookmark and Share