• Gradam Idirnáisiúnta do Scrúduithe TEG

    Gradam Idirnáisiúnta do Scrúduithe TEG

    By tegadmin, Thursday, 10th December 2020 | 0 comments

    Tá lúcháir ar Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, a fhógairt go bhfuil ALTE (Association of Language Testers in Europe) tar éis an Q-mark a bhronnadh ar scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) den dara huair. Bronnadh an gradam seo den chéad uair ar TEG in 2016. Chun an Q-Mark a bhaint amach, bhí ar an Lárionad dul trí dhianphróiseas iniúchta ina ndearnadh measúnú ar scrúduithe TEG de réir 17 gcinn d’íoschaighdeáin atá leagtha síos ag ALTE le hardchaighdeán scrúduithe a dhearbhú.

    Ó 2005 i leith, tá Lárionad na Gaeilge ag soláthar scrúduithe d’ardchaighdeán d’fhoghlaimeoirí Gaeilge in Éirinn agus thar lear. Go dtí seo tá breis is 8,000 iarrthóir tar éis tabhairt faoi cheann amháin nó eile de na scrúduithe. Tá cúig leibhéal ar fad i gcóras TEG atá bunaithe go ginearálta ar an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Tugann an córas spreagadh d’fhoghlaimeoirí cloí lena gcuid staidéir agus a ndul chun cinn a mheas de réir mar a théann siad ó leibhéal go leibhéal. Déanann scrúduithe TEG tástáil ar chumas ginearálta Gaeilge sna scileanna éagsúla teanga; is é sin, an chaint, an scríobh, an chluastuiscint agus an léamhthuiscint. Féadann iarrthóirí tabhairt faoi lánchreidiúint (gach ceann de na scileanna teanga) nó páirtchreidiúint (cumas cainte amháin).

    Tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-institiúidí agus na bhfostóirí a aithníonn cáilíochtaí TEG mar chruthúnas beacht iontaofa ar chumas Gaeilge iarrthóirí. Ó 2019, tá TEG ag comhoibriú leis an Roinn Oideachais agus le hinstitiúidí oideachais lena chinntiú go bhfuil an caighdeán cuí Gaeilge ag iarrthóirí ar an Mháistir Ghairmiúil san Oideachas, agus tugann iarrthóirí faoi scrúdú cainte TEG B1 mar chuid den phróiseas iarratais ar an chlár sin.

    Dúirt Aoife Ní Ghloinn, Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge, go bhfuil foireann an Lárionaid thar a bheith sásta le toradh an phróisis iniúchta. “Is aitheantas idirnáisiúnta é seo agus barántas breise d’iarrthóirí, d’fhostóirí agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le caighdeán agus iontaofacht scrúduithe TEG.” Ghabh sí buíochas le foireann TEG as an dua a chaith siad leis an phróiseas iniúchta agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as a dtacaíocht ón uair a bunaíodh TEG.

    Tuilleadh eolais faoi TEG: www.teg.ie

    Tuilleadh eolais faoin Q-mark: https://www.alte.org/Setting-Standards



    Bookmark and Share