• Feidhmeannach Riaracháin á lorg ag Lárionad na Gaeilge

    Feidhmeannach Riaracháin á lorg ag Lárionad na Gaeilge

    By tegadmin, Thursday, 20th February 2020 | 0 comments

    Tá Feidhmeannach Riaracháin á lorg ag Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil, Ollscoil Mhá Nuad. Conradh trí bliana atá i gceist. Beidh ar an té a cheapfar na dualgais seo a leanas maidir le riar scrúduithe TEG a chur i gcrích i bpáirt le Comhordaitheoir na Gaeilge agus foireann TEG:

    • Ag próiseáil iarratais na n-iarrthóirí.
    • Ag cóipeáil ábhar scrúduithe agus ag cur le chéile pacáistí do scrúdaitheoirí.
    • Ag déanamh na socruithe cuí leis na hionaid scrúduithe.
    • Ag plé le seachadadh na dtorthaí agus na dteastas.
    • Ag déanamh margaíochta ar an gcóras scrúduithe.
    • Ag soláthar eolais do mhúinteoirí, d’iarrthóirí agus do pháirtithe leasmhara eile.
    • Ag cur aischothú rialta ar fáil do Chomhordaitheoir na Gaeilge faoi na nithe thuas.
    • Ag plé le rudaí eile a bhaineann le córas scrúduithe TEG a thagann chun cinn ó am go ham.

    Cúntóir feidhmiúcháin: €24,945 – €39,798 p.a. (13 pointe)

    Déanfar an ceapachán seo de réir threoirlínte na Roinne Airgeadais maidir le híocaíocht.

    Mura bhfuil taithí ag an duine a cheapfar san earnáil phoiblí, is ar Phointe 1 ar an scála a thosóidh sé/sí.

    Dáta deiridh iarratais:

    11.30pm Dé Céadaoin, 18 Márta 2020.

    Foirm iarratais

    Ní mór iarratais a chur isteach faoin dáta agus faoin am deiridh atá sonraithe thuas. Iarratas ar bith a bheadh fós ar siúl ag am scoir ar an dáta deiridh thuasluaite, is amhlaidh a chuirfidh an córas ar ceal é go huathoibríoch.

    Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

    Is fostóir comhdheiseanna í Ollscoil Mhá Nuad.
    Tá an post seo faoi réir Reachtanna na hOllscoile.



    Bookmark and Share