Tá na socruithe seo a leanas á ndéanamh d’iarrthóirí nár éirigh leo clárú do na scrúduithe cainte Mheánleibhéal 1 (B1) a bheidh ar siúl i mí Feabhra.
- Cuirfear scrúdú breise ar siúl ar an Satharn 2 Márta 2019.
- Beidh an scrúdú seo ar siúl in Ollscoil Mhá Nuad amháin.
- Beidh an t-eolas ar fad a bhaineann leis an scrúdú sin ar fáil anseo ar an Luan 18 Feabhra.
- Beidh ar iarrthóirí clárú don scrúdú seo ar líne idir an Luan 18 Feabhra agus ar a 5pm ar an Aoine 22 Feabhra. Ní ghlacfar le hiarratais ina dhiaidh seo.
Má tá aon cheist agat, seol teachtaireacht chuig teanga@mu.ie