• Dáta breise do TEG Meánleibhéal 1 (B1) don MGO

    Dáta breise do TEG Meánleibhéal 1 (B1) don MGO

    By tegadmin, Tuesday, 29th January 2019 | 0 comments

    Tá na socruithe seo a leanas á ndéanamh d’iarrthóirí nár éirigh leo clárú do na scrúduithe cainte Mheánleibhéal 1 (B1) a bheidh ar siúl i mí Feabhra.

    • Cuirfear scrúdú breise ar siúl ar an Satharn 2 Márta 2019.
    • Beidh an scrúdú seo ar siúl in Ollscoil Mhá Nuad amháin.
    • Beidh an t-eolas ar fad a bhaineann leis an scrúdú sin ar fáil anseo ar an Luan 18 Feabhra.
    • Beidh ar iarrthóirí clárú don scrúdú seo ar líne idir an Luan 18 Feabhra agus ar a 5pm ar an Aoine 22 Feabhra.  Ní ghlacfar le hiarratais ina dhiaidh seo.

    Má tá aon cheist agat, seol teachtaireacht chuig teanga@mu.ie 



    Bookmark and Share