• COMÓRTAS SPEISIALTA DO DHALTAÍ MEÁNSCOILE

    COMÓRTAS SPEISIALTA DO DHALTAÍ MEÁNSCOILE

    By tegadmin, Thursday, 7th May 2015 | 0 comments

    A bhuí do COGG, is féidir le scoileanna ar fud na hÉireann daltaí sinsearacha a chur isteach ar scrúduithe TEG ar tháille €40 an dalta (laghdaithe ó €80) sa scoilbhliain 2015/16.

    Seo deis iontach do dhaltaí díriú ar na scileanna teanga – léamhthuiscint, cluastuiscint, scríbhneoireacht agus labhairt – agus cáilíocht Ghaeilge a bhaint amach chomh maith le taithí a fháil ar scrúdú foirmiúil a dhéanamh.

    Tosóidh daltaí ag déanamh staidéir ar shiollabas TEG ag leibhéal cumais cuí ag deireadh Mheán Fómhair agus tabharfaidh siad faoi scrúduithe TEG sa scoil in Aibreán/Bealtaine 2016.

    Le tuilleadh eolais a fháil faoi TEG i meánscoileanna, cliceáil anseo

    Chun go mbeidh do scoil san áireamh don deis seo, cuir ríomhphost chuig teanga@nuim.ie roimh an 11 Meán Fómhair 2015 leis na sonraí seo:

    • ainm agus seoladh na scoile
    • saghas scoile (scoil Ghaeltachta, Gaelcholáiste nó scoil lán-Bhéarla)
    • bliain (4,5 nó 6) agus líon na ndaltaí sa rang
    • ráiteas 100 focal ag míniú cén fáth ar mhaith leat an deis seo a chur ar fáil i do scoil

    Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le foireann TEG ar teanga@nuim.ie nó (01) 708 3737.

    Beidh téarmaí agus coinníollacha i gceist.




    Bookmark and Share