Do dhaoine atá ag smaoineamh ar Scrúdú Mheánleibhéal 1 (B1) a dhéanamh i 2019, tá sé tábhachtach go mbeidh siad ar an eolas go mbeidh mír nua mar chuid den scrúdú cainte as seo amach. Maraon le ceisteanna a fhreagairt agus cur síos a dhéanamh ar phictiúr, beidh ar iarrthóirí páirt a ghlacadh i rólghníomhaíocht mar chuid den scrúdú cainte. Tá gach eolas anseo.