• Athruithe ar an bpróiseas iontrála iarchéime do mhúinteoireacht bhunscoile

    Athruithe ar an bpróiseas iontrála iarchéime do mhúinteoireacht bhunscoile

    By tegadmin, Thursday, 15th November 2018 | 0 comments

    Ar an 13 Samhain, d'fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D., plean nua chun scrúdú cainte Gaeilge amháin a chur ar scoláirí atá ag iarraidh cur isteach ar chláir iarchéime do mhúinteoireacht bhunscoile atá á reáchtáil ag DCU, Ollscoil Mhaigh Nuad, Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste Mhuire gan Smál (na ceithre sholáthróir d’oiliúint bhunscoile do mhúinteoirí, arna maoiniú ag an Stát). 

    Go dtí seo, bhíodh ar iarrthóirí a bhfuil na Riachtanais Iontrála Íosta acu i nGaeilge, i mBéarla agus i Matamaitic, trí scrúdú cainte Gaeilge ar leithligh a dhéanamh chun iarratas a chur isteach ar an mbealach iontrála iarchéime ar oideachas tosaigh múinteoireachta do mhúinteoireacht bhunscoile (cáilíocht na Máistreachta Gairmiúla san Oideachas Bunscoile). Dhéantaí gach scrúdú cainte ar an lá céanna leis an agallamh ag an institiúid lena mbaineann. I gcás teipe sa scrúdú cainte Gaeilge ní chuirtí an t-agallamh san áireamh, rud a chuir go mór leis an strus ar iarrthóirí. 

    Ó 2019 i leith, beidh scrúdú cainte Gaeilge amháin ann do gach iarrthóir, a dhéanfar sula gcuirfidh siad iarratas isteach ar a rogha institiúide/institiúidí. Is é Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil in Ollscoil Mhá Nuad a riarfaidh an scrúdú cainte Gaeilge ag baint úsáide as an scrúdú Teastas Eorpach Gaeilge (TEG), atá nasctha leis an gComhchreat Tagartha Eorpach do Theangacha. Tionólfar an scrúdú cainte Gaeilge i mí Feabhra 2019, ag ionaid ar fud na tíre. 

    Cuirfidh iarrthóirí isteach ansin ar a rogha institiúide/institiúidí agus cuirfidh na hinstitiúidí glaoch chun agallaimh orthu, in am trátha. Ní bheidh aon scrúdú cainte Gaeilge eile ann. 

    Mhol na hinstitiúidí go mbeidh costas €65 in aghaidh an iarrthóra don scrúdú cainte Gaeilge. Mar sin féin, is féidir socruithe a dhéanamh do scoláirí a théann isteach trí chlár PATH chun an táille seo a aisíoc. 

    Dúirt an tAire McHugh inniu "Tá mé buíoch de na soláthraithe as an tionscnamh seo chun tabhairt faoin gcéim seo leis an bpróiseas d'iarrthóirí a shruthlíniú. Tá áthas orm freisin an tiomantas ó institiúidí a fheiceáil chun táille an scrúdaithe cainte a aisíoc do mhic léinn atá ar chlár PATH. Chomh maith leis sin, creidim go ndéanfaidh aon scrúdú cainte caighdeánaithe Gaeilge amháin go leor chun an imní agus an brú a laghdú agus go gcabhróidh sé le mic léinn ionchasacha a ndícheall a dhéanamh." 

    Ag fáiltiú roimh an bhforbairt, arsa an tAire Stáit um Ard-Oideachas, Mary Mitchell O'Connor T.D. "Is forbairt dhearfach í seo do mhic léinn. Cuirim fáilte roimh chomhoibriú agus comhordú na n-institiúidí ardoideachais don scrúdú béil nua seo a laghdóidh an strus a bhíonn ar scoláirí ina leith." 

    Ó 2019 i leith, suífidh iarrthóirí an chéad bhéaltriail Ghaeilge (Teastas Eorpach Gaeilge) ar chostas de €65. Tá béaltriail Ghaeilge an Teastais Eorpaigh bailí go ceann dhá bhliain ón dáta a mbaintear amach í.

    Rachaidh na hiarrthóirí sin a n-éiríonn leo sa bhéaltriail ar aghaidh agus déanfaidh iarratas chuig an soláthróir nó chuig na soláthróirí roghnachais acu, tráth a ngearrfar táillí orthu mar seo a leanas. Ní rachaidh iarrthóirí ar aghaidh chuig an gcéim seo ach amháin má éiríonn leo sa bhéaltriail.



    Bookmark and Share