• Teastas Eorpach na Gaeilge Ardleibhéal 1 (C1) 2016

    Teastas Eorpach na Gaeilge Ardleibhéal 1 (C1) 2016

    By tegadmin, Friday, 23rd October 2015 | 0 comments

    An bhfuil tú ag iarraidh cruthúnas ar do chuid ardscileanna cumarsáide sa Ghaeilge? Tá Teastas Eorpach na Gaeilge anois ag glacadh le hiarratais do Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) ar ár bhfoirm iarratais ar líne.

    Beidh scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) ar siúl i Má Nuad ar an 29 agus 30 Eanáir 2016. Ní gá cúrsa a dhéanamh le tabhairt faoin scrúdú, ach moltar staidéar a dhéanamh ar an siollabas agus ar an scrúdú samplach roimh an scrúdú. Tá an cháilíocht seo bainte amach ag daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ar chúinsí proifisiúnta agus pearsanta, ina measc: múinteoirí, iriseoirí, teagascóirí tríú leibhéal agus fostaithe san earnáil phoiblí.

    Is féidir le hiarrthóirí an scrúdú cainte amháin a dhéanamh agus Páirtchreidiúint TEG a bhaint amach. Má éiríonn le hiarrthóir i mí Eanáir 2016 an pháirtchreidiúint a fháil i Scrúdú Cainte TEG Ardleibhéal 1 (C1), is féidir leis/léi na codanna eile den scrúdú a dhéanamh in Eanáir 2017 nó 2018 chun an cháilíocht iomlán a bhaint amach.

    Tá scrúdú samplachceisteanna coitianta agus eolas d’fhostóirí ar fáil ar an láithreán gréasáin seo.

    Is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann TEG ar teanga@nuim.ie nó ar (01) 708 3737 má tá tuilleadh eolais ag teastáil.



    Bookmark and Share