• Eolas do Mhúinteoirí

    Eolas do Mhúinteoirí

    Anseo thíos, gheobhaidh tú eolas agus comhairle a chabhróidh leat do chuid foghlaimeoirí a ullmhú do scrúduithe TEG.

    Tá sé fíorthábhachtach go dtuigfidh tú féin cad atá i gceist leis na leibhéil éagsúla ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1).  Chun cur síos ar na leibhéil seo a fháil, cliceáil anseo.  

    Tá na Siollabais agus na treoracha do mhúinteoirí ag na leibhéil éagsúla ina gcuid lárnach den chóras seo. Moltar do mhúinteoirí eolas maith a chur ar an siollabas agus treoracha don leibhéal cuí. Is anseo a gheofar cur síos mion ar na struchtúir teanga, na scileanna cumarsáide, an stór focal agus eile atá le hinsealbhú ag na leibhéil éagsúla.

    Bonnleibhéal 1 (A1)
    Bonnleibhéal 2 (A2)
    Meánleibhéal 1 (B1)
    Meánleibhéal 1 (B2)
    Ardleibhéal 1 (C1)

    Bain úsáid rialta as na páipéir shamplacha.  Cabhraigh leis na hiarrthóirí eolas a chur ar na rannóga éagsúla sa scrúdú agus na cineálacha ceisteanna agus tascanna atá le fáil i ngach rannóg. Is féidir ceisteanna agus tascanna den chineál céanna a chleachtadh sa rang agus a thabhairt dóibh mar obair bhaile.

    Mol do na hiarrthóirí cloí leis na treoracha a leagtar síos sna ceisteanna. Mar shampla, ba cheart dóibh cloí leis an líon focal a leagtar síos nuair a bhíonn píosa scríbhneoireachta le déanamh acu. Nuair a bhíonn tic le cur i mbosca amháin nó focal amháin le cur i mbearna, ba cheart do na hiarrthóirí cloí leis na treoracha sin nó tá an baol ann go gcaillfidh siad marcanna. 

    Toisc gur féidir le hiarrthóirí páirtchreidiúint don chumas labhartha a fháil anois, déan deimhin go bhfuil do chuid foghlaimeoirí ar an eolas maidir leis an deis seo. Beidh Foireann TEG sásta scrúduithe cainte a chur ar siúl go háitiúil ag amanna éagsúla i gcaitheamh na bliana ach íosmhéid 15 duine a bheith sa ghrúpa.

    Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh iarrthóirí eolach ar an leagan amach atá ar an scrúdú cainte. Is minic a éiríonn iarrthóirí neirbhíseach agus iad ag dul i mbun an scrúdaithe agus, mar sin, is mór an chabhair dóibh má bhíonn siad eolach ar cad é go díreach atá i gceist. Ba cheart go mbeadh na cineálacha gníomhaíochtaí atá sa scrúdú cainte (mar shampla, ceisteanna ginearálta bunaithe ar an siollabas, rólghníomhaíochtaí agus cur síos ar phictiúir) mar chuid lárnach den chur chuige sa seomra ranga ionas go mbeidh iarrthóirí compordach lá an scrúdaithe féin.

    Tá siollabais agus treoracha, páipéir scrúdaithe shamplacha, scrúduithe cainte agus cluastuisceana samplacha, ábhair theagaisc shamplacha ar fáil ar Ábhar scrúdaithe.  

    Is minic a chuireann iarrthóirí ceist faoin bpasmharc.  Is é 50% an pasmharc ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go Meánleibhéal 2 (B2)  agus 60% an pasmharc ag Ardleibhéal 1 (C1). ​

    Bronnfar na gráid seo a leanas sna scrúduithe ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go Meánleibhéal 2 (B2):

    50-64% Pas 
    65-79% Pas le Tuillteanas 
    80-100% Pas le Gradam 

    Gheobhaidh iarrthóirí cur síos ar an teastas ar na marcanna a fuair siad sna rannóga ar fad: Cluastuiscint, Léamhthuiscint, Labhairt agus Scríobh.  

    I gcás Ardleibhéal 1 (C1), seo na gráid a bhronnfar:

    60 % Pas *
    80-100% Pas le Gradam

    *Caithfidh iarrthóirí íosmharc 10% (as 20%) a fháil i ngach rannóg sa scrúdú le bheith i dteideal pas a fháil sa scrúdú iomlán.
     

    Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfadh múinteoirí na Tuairiscí a théann le scrúduithe TEG a léamh go cúramach. Seo cur síos an Phríomhscrúdaitheora ar conas a chruthaigh iarrthóirí TEG sna scrúduithe éagsúla ó bhliain go bliain agus tá eolas an-luachmhar anseo do mhúinteoirí agus iad ag réiteach foghlaimeoirí do na scrúduithe.  


    Tuairisc Bhonnleibhéal 1 (A1)
    Tuairisc Bhonnleibhéal 2 (A2)
    Tuairisc Mheánleibhéal 1 (B1)
    Tuairisc Mheánleibhéal 2 (B2)
    Tuairisc Ardleibhéal 1 (C1)

    Tá eolas do mhúinteoirí meánscoile ar mhian leo daltaí dá gcuid a chur i dtreo scrúduithe TEG ar fáil anseo.