Teastas Eorpach na Gaeilge agus an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge
Agus iad ag ceadú maoinithe d’institiúidí faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge, leag an tÚdarás um Ard-Oideachas agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta síos na coinníollacha seo a leanas maidir le leibhéal teanga na gcéimithe ag deireadh na gcúrsaí iarchéime aistriúcháin:
Riachtanas fágála: Go mbeidh ar mhic léinn Ardleibhéal 1 (C1), ar a laghad, a bhaint amach i scrúdú foirmiúil de chuid Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG).
Le freastal ar na héilimh sin tá na socruithe seo a leanas déanta ag Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.
I gcás iarrthóirí a bheidh ag críochnú na gcúrsaí atá maoinithe faoin scéim seo in 2021, beidh orthu tabhairt faoi Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1) in 2021 nó a léiriú go bhfuil pas faighte acu sa scrúdú sin in 2019 nó in 2020.
Dáta an scrúdaithe
|
10 & 11 Nollaig 2021 |
Ionad
|
Ollscoil Mhá Nuad
|
Clárú
|
Dúnta |
Spriocdháta d'iarratais
|
8 Samhain 2021
|
Torthaí
|
Ar fáil laistigh de 6 seachtaine de ghnáth
|
-
Is lánchreidiúint atá i gceist (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht, úsáid na Gaeilge, scrúdú cainte)
-
Tá gach eolas faoi na scrúduithe (siollabas, scrúduithe samplacha, ceisteanna coitianta) le fáil anseo.
-
Beidh na gnáthshocruithe maidir le scrúduithe TEG i bhfeidhm maidir le riar na scrúduithe seo, i.e. clárú na n-iarrthóirí, teagmháil le hiarrthóirí, próiseas achomhairc agus araile.
-
Is é €200 costas an scrúdaithe.
-
Cé go bhfuil sé éigeantach tabhairt faoi Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1), meabhraítear d’iarrthóirí nach mbeidh aon tionchar ag na torthaí a gheobhaidh siad sa scrúdú sin ar an cháilíocht a bhronnfaidh an soláthraí cúrsa orthu.