Dátaí & ionaid TEG 2022-2023

Cuirfear eolas uasdátaithe maidir leis na scrúduithe ar fáil anseo agus ar Facebook agus ar Twitter.  

Dátaí Scrúduithe 2022-2023

Leibhéal 

Dáta an Scrúdaithe

Cláraigh

Meánleibhéal 1 (B1)

Scrúdú iomlán nó scrúdú cainte amháin

Scrúdú cainte: 12/13 Bealtaine*

Scrúdú scríofa: 13 Bealtaine

Foirm iarratais ar fáil anseo

Dáta deiridh d'iarratais: 20 Aibreán 2023

Bonnleibhéal 2 (A2)

Scrúdú iomlán nó scrúdú cainte amháin

Scrúdú cainte: 19/20 Bealtaine*

Scrúdú scríofa: 20 Bealtaine

Foirm iarratais ar fáil anseo

Dáta deiridh d'iarratais: 20 Aibreán 2023

Meánleibhéal 2 (B2)

Scrúdú iomlán nó scrúdú cainte amháin

Scrúdú cainte: 26/27 Bealtaine*

Scrúdú scríofa: 27 Bealtaine

Foirm iarratais ar fáil anseo

Dáta deiridh d'iarratais: 20 Aibreán 2023

Bonnleibhéal 1 (A1)

Scrúdú iomlán nó scrúdú cainte amháin

Scrúdú cainte: 9/10 Meitheamh*

Scrúdú scríofa: 10 Meitheamh

Foirm iarratais ar fáil anseo

Dáta deiridh d'iarratais: 20 Aibreán 2023

*Ag brath ar éileamh, d'fhéadfadh sé go mbeadh do scrúdú cainte ar siúl ar an Aoine nó ar an Satharn.

Beidh Foireann TEG sásta scrúduithe cainte a reáchtáil i d'ionad oibre/institiúid oideachais féin lasmuigh d'amanna oifigiúla scrúdaithe ach íosmhéid áirithe iarrthóirí a bheith ann. 

Ionaid Scrúdaithe

Tá sé i gceist againn scrúduithe scríofa 2022-23 a reáchtáil in Ollscoil Mhá Nuad agus in ionaid eile timpeall na tíre. Is sna hionaid a reáchtálfar na scrúduithe cainte ach déanfar na socruithe a dhearbhú roimh an scrúdú de réir treoracha agus rialacháin sláinte phoiblí. 

Bíonn scrúduithe ar siúl sna hionaid seo thíos: 

  • Má Nuad
  • Leitir Ceanainn
  • Caisleán an Bharraigh
  • Gaillimh
  • Luimneach
  • Corcaigh
  • Cill Chainnigh
  • Ciarraí

Más mian leat ionad scrúdaithe TEG a bheith in ionad nach bhfuil luaite thuas, déan teagmháil linn ag teanga@mu.ie.

Beidh íosmhéid 15 iarrthóir ag teastáil i ngach ionad chun go gcuirfear scrúduithe ar siúl ann.

Ionaid thar lear

A. Scrúdú iomlán

Ag brath ar éileamh, reáchtálfar scrúduithe iomlána A1-B2 i bPáras i mí na Bealtaine/an Mheithimh 2023

Más múinteoir tú, nó má bhíonn tú ag plé le heagraíocht teanga, agus más mian leat go gcuirfí scrúdú iomlán ar fáil áit éigin eile thar lear, déan teagmháil linn ag  teanga@mu.ie chomh luath agus is féidir chun na féidearthachtaí a phlé.

B. Scrúdú cainte amháin

Má tá tú i bPáras agus más mian leat an scrúdú cainte amháin a dhéanamh is féidir an rogha sin a dhéanamh ar an fhoirm iarratais.

Má tá tú lonnaithe aon áit eile thar lear agus más mian leat an scrúdú cainte amháin a dhéanamh roghnaigh Áit eile thar lear ar an fhoirm iarratais agus déanfaidh Oifig TEG na socruithe cuí duit.  Is ar líne a chuirfear scrúduithe cainte ar fáil d'iarrthóirí atá lonnaithe thar lear. Beidh íosmhéid iarrthoirí ag teastáil chun go gcuirfear scrúduithe cainte ar líne ar fáil.  

Leibhéal Scrúdú iomlán Scrúdú cainte amháin
Bonnleibhéal 1 (A1)

Páras

In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.

Páras

Ionaid thar lear

Bonnleibhéal 2 (A2)

Páras

In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.

Páras

Ionaid thar lear

Meánleibhéal 1 (B1)

Páras

In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.

Páras

Ionaid thar lear

Meánleibhéal 2 (B2)

Páras

In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.

Páras

Ionaid thar lear