Beidh feachtas earcaíochta ar siúl sa gheimhreadh ag na hInstitiúidí Oideachais d’áiteanna ar chláir an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a mbeidh tús á gcur leo i mí Mheán Fómhair 2021. Mar chuid den phróiseas iontrála, beidh ar iarrthóirí scrúdú a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas ag Meánleibhéal 1 (B1) de chuid Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Beidh ar mhic léinn 65% a ghnóthú sa scrúdú cainte mar choinníoll iontrála. Tá tuilleadh eolais agus scrúduithe samplacha thíos.
Dáta Scrúdaithe: 22 & 23 Eanáir 2021; 5 & 6 Feabhra 2021
Ionaid Scrúdaithe: Mar gheall ar Covid-19, beidh na scrúduithe seo ar siúl ar líne.
Costas: €100
Spriocdháta d'iarratais: Dúnta
Ceisteanna coitianta
Cé na coláistí a bheidh ag úsáid TEG B1 mar scrúdú cumais teanga don MGO?
- Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- Roinn Froebel, Ollscoil Mhá Nuad
- Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
- Institiúid Oideachais Marino
An gcaithfidh mé scrúdú iomlán TEG a dhéanamh?
Ní chaithfidh. Is é an scrúdú cainte amháin atá i gceist leis seo ag Meánleibhéal 1 (B1).
Tá céim agam sa Ghaeilge. An gcaithfidh mé an scrúdú seo a dhéanamh?
Caithfidh gach duine atá ag cur isteach ar an MGO an scrúdú cainte seo a dhéanamh.
Rinne mé scrúdú TEG an bhliain seo caite. An nglacfar leis seo?
Glacfar leis na cáilíochtaí seo a leanas ó iarrthóirí ar éirigh leo sna scrúduithe sin i 2019 nó 2020:
- TEG Meánleibhéal 1 (B1) - marc os cionn 65% faighte sa scrúdú cainte,
- Pas i Meánleibhéal 2 (B2)
- Pas in Ardleibhéal 1(C1)
Má tá ceann de na cáilíochtaí seo agat, beidh ort é a íoslódáil ar PAC chomh maith le do chuid tras-scríbhinní agus teastais eile mar chuid de do iarratas ar an gcúrsa.
Cad a tharlóidh ar lá an scrúdaithe?
Moltar duit na treoirlínte thuas a léamh go cúramach.
Cad a tharlóidh tar éis an scrúdaithe?
Gheobhaidh tú do chuid torthaí ar rphost idir 6-8 seachtaine tar éis an scrúdaithe.
(a)Má éiríonn leat marc níos airde ná 65% a bhaint amach sa scrúdú, ba cheart duit cóip den toradh a íoslódáil ar chóras PAC, mar chuid de do iarratas.Beidh an institiúid oireachais chuí i dteagmháil leat in am trátha.
(b) Mura n-éiríonn leat sa scrúdú, beidh agat go dtí dáta áirithe agat (le deimhniú) achomharc a dhéanamh le hOifig TEG.
Má éiríonn liom sa scrúdú cainte, an bhfaighidh mé teastas TEG?
Má éiríonn leat sa scrúdú, gheobhaidh tú teastas de chuid Theastas Eorpach sa Ghaeilge (Páirtchreidiúint) a léiríonn go bhfuil Meánleibhéal 1 (B1) bainte amach agat i labhairt na Gaeilge ach tabhair faoi deara gur gá 65% nó os a chionn a fháil le bheith i dteideal cur isteach ar an MGO.
Má tá sé ar intinn agam cur isteach ar an MGO i 2022, an bhféádfainn scrúdú B1 a dhéanamh an bhliain roimh ré?
Cinnte. Glacfar le Teastas TEG B1 ó 2021 (le marc os cionn 65% sa scrúdú cainte) mar chuid den phróiseas iarratais ar an MGO i 2022 nó 2023. Maireann teastais TEG tréimhse dhá bhliain. Chun tuillleadh eolais a fháil faoi na scrúduithe a bheidh ar siúl sa samhradh, cliceáil anseo.
An bhfuil líon na spásanna d’iarrthóirí teoranta?
Níl. Gheobhaidh gach iarrthóir a chuirfidh iarratas isteach ar an scrúdú in am cuireadh chun scrúduithe. Tá líon na spásanna i gcuid de na hionaid teoranta áfach. Má theastaíonn uait a chinntiú go ndéanfaidh tú an scrúdú in ionad scrúdaithe faoi leith, moltar duit d’iarratas a chur isteach chomh luath agus is féidir.
An mbeidh tionchar ag Covid-19 ar reáchtáil na scrúduithe?
Mar gheall ar na srianta is déanaí atá tagtha i bhfeidhm, tá an cinneadh déanta na scrúduithe seo a reáchtáil ar líne.
An mbeidh an táille scrúdaithe inaisíoctha má éiríonn liom sa scrúdú? Ní bheidh.
Chláraigh mé do scrúdú TEG ach níor chuala mé ó Oifig TEG. Cad a dhéanfaidh mé?
Ba cheart go mbeadh freagra uathoibritheach faighte agat díreach tar éis duit clárú don scrúdu. Sa teachtaireacht sin, tá an uimhir idirbhirt agus admháil don táille a d’íoc tú. Mura bhfuair tú seo, cuir ríomhphost chuig teanga@mu.ie láithreach. Má tá sé seo faighte agat, ba cheart go bhfaighfeá an t-eolas faoi do scrúdú ar ríomhphost 10 -14 lá roimh an scrúdú.
Má tá ceisteanna agat faoi scrúdú TEG, seol ríomhphost chuig teanga@mu.ie nó glaoigh ar 01 708 6417.
Má tá ceisteanna agat faoin gcúrsa MGO, ba cheart duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an institiúid oideachais chuí:
- Institiúid Oideachais DCU Institute of Education, Campas Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9. ioe@dcu.ie 01-8842212
- Froebel Department of Primary and Early Childhood Education, Maynooth University froebel.department@mu.ie 01-4747400
- Anne-Marie Hannon, Coláiste Mhuire gan Smál, An Cuarbhóthar Theas, Luimneach. admissions@mic.ul.ie 061-204929
- Eimear Breathnach, Admissions Officer, Institiúid Oideachais Marino, Marino, Baile Átha Cliath 9. admissions@mie.ie 01-8057742 *Baineann Institiúid Oideachais Marino úsáid as córas Maestro chun iarratais a phróiseáil