Cuirfear eolas uasdátaithe maidir leis na scrúduithe ar fáil anseo agus ar Facebook, ar Twitter agus ar Instagram.
Dátaí Scrúduithe 2023-24
|
Leibhéal
|
Dáta an Scrúdaithe
|
Ionad
|
Cláraigh
|
Ardleibhéal 1 (C1)
Scrúdú iomlán nó scrúdú cainte amháin
|
Scrúdú cainte: 1 Nollaig 2023
Scrúdú scríofa: 2 Nollaig 2023
|
Má Nuad amháin |
Foirm iarratais ar fáil ar an 2 Deireadh Fómhair
Spriocdháta le dearbhú
|
Meánleibhéal 2 (B2)
Scrúdú iomlán nó scrúdú cainte amháin
|
Scrúdú cainte: 8/9 Nollaig*
Scrúdú scríofa: 9 Nollaig
|
Má Nuad amháin |
Foirm iarratais ar fáil ar an 2 Deireadh Fómhair
Spriocdháta le dearbhú
|
Meánleibhéal 1 (B1) d'Iarrthóirí ar an MGO (Bunmhúinteoireacht)
Scrúdú cainte amháin
|
26/27 Eanáir 2024
9/10 Feabhra 2024
|
Ionaid éagsúla ar fud na tíre |
Foirm iarratais ar fáil ar an 15 Samhain
Spriocdháta: 8 Eanáir
|
Meánleibhéal 1 (B1)
Scrúdú iomlán
|
16/17 Feabhra 2024* |
Ionaid éagsúla ar fud na tíre |
Le dearbhú |
*Ag brath ar éileamh, d'fhéadfadh sé go mbeadh do scrúdú cainte ar siúl ar an Aoine nó ar an Satharn.
Beidh Foireann TEG sásta scrúduithe cainte a reáchtáil i d'ionad oibre/institiúid oideachais féin lasmuigh d'amanna oifigiúla scrúdaithe ach íosmhéid áirithe iarrthóirí a bheith ann.
Ionaid Scrúdaithe
Tá sé i gceist againn scrúduithe scríofa 2023-24 a reáchtáil in Ollscoil Mhá Nuad agus in ionaid eile timpeall na tíre. Is sna hionaid a reáchtálfar na scrúduithe cainte ach déanfar na socruithe a dhearbhú roimh an scrúdú de réir treoracha agus rialacháin sláinte phoiblí.
Bíonn scrúduithe ar siúl sna hionaid seo thíos:
- Má Nuad
- Leitir Ceanainn
- Caisleán an Bharraigh
- Gaillimh
- Luimneach
- Corcaigh
- Cill Chainnigh
- Ciarraí
Más mian leat ionad scrúdaithe TEG a bheith in ionad nach bhfuil luaite thuas, déan teagmháil linn ag teg@mu.ie.
Beidh íosmhéid 15 iarrthóir ag teastáil i ngach ionad chun go gcuirfear scrúduithe ar siúl ann.
Ionaid thar lear
A. Scrúdú iomlán
Ag brath ar éileamh, reáchtálfar scrúduithe iomlána A1-B2 i bPáras i mí na Bealtaine/an Mheithimh 2023
Más múinteoir tú, nó má bhíonn tú ag plé le heagraíocht teanga, agus más mian leat go gcuirfí scrúdú iomlán ar fáil áit éigin eile thar lear, déan teagmháil linn ag teg@mu.ie chomh luath agus is féidir chun na féidearthachtaí a phlé.
B. Scrúdú cainte amháin
Má tá tú i bPáras agus más mian leat an scrúdú cainte amháin a dhéanamh is féidir an rogha sin a dhéanamh ar an fhoirm iarratais.
Má tá tú lonnaithe aon áit eile thar lear agus más mian leat an scrúdú cainte amháin a dhéanamh roghnaigh Áit eile thar lear ar an fhoirm iarratais agus déanfaidh Oifig TEG na socruithe cuí duit. Is ar líne a chuirfear scrúduithe cainte ar fáil d'iarrthóirí atá lonnaithe thar lear. Beidh íosmhéid iarrthoirí ag teastáil chun go gcuirfear scrúduithe cainte ar líne ar fáil.
Leibhéal |
Scrúdú iomlán |
Scrúdú cainte amháin |
Bonnleibhéal 1 (A1)
|
Páras
In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.
|
Páras
Ionaid thar lear
|
Bonnleibhéal 2 (A2)
|
Páras
In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.
|
Páras
Ionaid thar lear
|
Meánleibhéal 1 (B1)
|
Páras
In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.
|
Páras
Ionaid thar lear
|
Meánleibhéal 2 (B2)
|
Páras
In ionaid eile thar lear, féach an nóta thuas.
|
Páras
Ionaid thar lear
|