• Achomhairc

    Achomhairc

    I gcás iarrthóirí atá míshásta leis an ghrád atá faighte acu i scrúdú de chuid TEG, nó a bhfuil ceisteanna acu faoin ghrád sin, is féidir leo cur isteach ar achomharc.

    Ní mór d’iarrthóirí a chinntiú go ndéanfaidh siad iarratas faoi pé spriocdháta a bhainfidh leis an scrúdú acu féin – 7-10 lá i ndiaidh eisiúint na ngrád, de ghnáth.

    Tá cur síos thíos ar an bpróiseas sin:

    Achomharc

    In Achomharc, déanann iarrthóir iarratas foirmiúil go ndéanfaidh an té a rinne cinneadh foirmiúil, nó duine atá ag feidhmiú thar ceann an duine sin, an cinneadh foirmiúil sin a athbhreithniú, i.e. an cinneadh foirmiúil a athbhreithniú i bhfianaise ceisteanna a bheidh ardaithe ag an iarrthóir faoi cheann amháin nó níos mó de na forais achomhairc thíos. Is gá an fhoirm chuí a úsáid agus ní mór don fhoirm agus an táille a bheith faighte ag TEG roimh an spriocdháta d’iarratais (faigheann iarrthóirí an t-eolas seo nuair a eisítear na gráid).

    Seo a leanas na forais achomhairc i gcás grád scrúdaithe:

    • Fianaise ar mhírialtacht shubstainteach sa chaoi ar reáchtáladh an scrúdú;
    • Fianaise ar chlaontacht shubstainteach i gcás duine amháin nó níos mó de na scrúdaitheoirí maidir le cinneadh a dhéanamh;
    • Fianaise shoiléir, chuimsitheach go bhfuil an grád a bronnadh míchruinn.

    Eisceachtaí

    Ní foras achomhairc díomá mar gheall ar ghrád nó tuairim gur chóir go mbeadh grád ní b’airde.
    Ní foras achomhairc gearán mar gheall ar dhuine nó ar nós imeachta.
     

    Ní cheadaítear achomharc bunaithe ar an fhoras chéanna i gcás cinneadh a ndearnadh athbhreithniú nó achomharc mar gheall air cheana féin.

    I gcás iarratas nach sásóidh na critéir thuas, ní bheidh an t-iarrthóir sin i dteideal aisíocaíocht a fháil. Mar sin, moltar do gach iarrthóir na forais thuas a mheas go cúramach sula ndéanfaidh sé/sí iarratas ar achomharc.

    Má ghlactar le hiarratas ar achomharc, déanfaidh scrúdaitheoir de chuid TEG nach raibh baint aige/aici leis an chéad mharcáil na gnéithe ábhartha d’obair an iarrthóra a athmharcáil. I gcás iarrthóirí ar an MGO, déanfaidh TEG gach iarracht iarratais ar achomharc a phróiseáil roimh spriocdhátaí ábhartha le haghaidh iarratais ar an MGO.

    Táille a bhaineann le hAchomharc ar an scrúdú cainte amháin: €80

    Táille a bhaineann le hAchomharc ar an scrúdú cainte agus an scrúdú scríofa: €150

    Sa chás go dtagann ardú ar ghrád mar gheall ar achomharc, ba chóir don iarrthóir teagmháil a dhéanamh le TEG chun aisíocaíocht ar an táille seo a eagrú.

    Le foirm iarratais le haghaidh Achomhairc a íoslódáil, cliceáil anseo.

    Le híoc as Achomharc, cliceáil anseo.