• Scrúduithe TEG & Socruithe Réasúnta

    Scrúduithe TEG & Socruithe Réasúnta

    Má bhíonn riachtanais faoi leith agat, déanfar gach iarracht freastal ort agus a chinntiú go dtabharfar cothrom na Féinne duit agus tú ag tabhairt faoi scrúdú TEG.

    Is féidir linn socruithe faoi leith a dhéanamh i gcás réimse éagsúil riachtanas, mar shampla:

    • Lagú súl
    • Lagú éisteachta
    • Lagú urlabhra
    • Deacrachtaí faoi leith foghlama
    • Míchumas fisiciúil
    • Néara-éagsúlacht (mar shampla, ASD, ADHD, disléicse, srl.)
    • Tinneas fadtéarmach

    Moltar d’iarrthóirí an t-eolas & na ceisteanna thíos a léamh go mion:

    Táim neirbhíseach faoi lá an scrúdaithe. Cad a tharlóidh ar lá an scrúdaithe?

    Tá cur síos ar an lá scrúdaithe ar fáil sa cháipéis seo:

    Eolas breise faoi lá an scrúdaithe

    Moltar d'iarrthóirí an t-eolas seo a léamh roimh lá an scrúdaithe. 

    Conas a dhéantar freastal ar iarrthóirí a bhfuil riachtanais faoi leith acu?

    Seo thíos samplaí de chuid de na socruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh duit:

    • Páipéir Braille
    • Seomra faoi leith
    • Am breise
    • Sosanna breise
    • Scrúdú ar ríomhaire
    • Léitheoir
    • Scríobhaí
    • Díolúine gramadaí & litrithe
    • Clómhéid níos mó

    Is féidir socrú faoi leith a iarraidh don scrúdú cainte freisin. Déanfar gach cás a mheas de réir mar a thiocfaidh sé chun cinn.

    Céard is ceart dom a dhéanamh má tá riachtanas faoi leith agam?

    • Má tá riachtanas faoi leith agat, ba cheart duit é sin a chur in iúl ar an  bhfoirm iarratais agus tú ag cur isteach ar scrúdú.

    • Ina theannta sin, is gá don iarrthóir na cáipéisí oifigiúla tacaíochta (mar shampla, litir oifigiúil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit a chuireann síos ar na tacaíochtaí a fhaigheann tú i gcomhthéacs scrúdaithe) a sheoladh ar ríomhphost chuig teg@mu.ie ar a laghad trí seachtaine roimh dháta an scrúdaithe.
    • Ba cheart go mbeadh treoir shoiléir sna cáipéisí sin faoi na tacaíochtaí breise atá ag dul don iarrthóir.
    • Is faoin iarrthóir atá sé teagmháil a dhéanamh le Lárionad na Gaeilge má bhíonn aon soiléiriú le déanamh maidir leis an treoir a thugtar sna cáipéisí oifigiúla.
    • Agus an méid sin déanta, déanfar gach iarracht freastal ort agus coimeádfar ar an eolas thú maidir leis na socruithe a bheidh i gceist.
    • Mura mbíonn an t-eolas iomlán agus na cáipéisí oifigiúla cuí faighte ag Lárionad na Gaeilge trí seachtaine roimh dháta an scrúdaithe ní féidir a chinntiú go ndéanfar an freastal cuí ar iarrthóir a bhfuil riachtanais faoi leith aige/aici.
    • Tabhair faoi deara gur gá d’iarrthóirí an t-eolas agus na cáipéisí oifigiúla cuí a chur ar fáil gach uair a thugann siad faoi scúdú TEG.

    An bhfuil aon cheisteanna agat?

    Má tá ceist ar bith agat nó mura bhfuil tú iomlán cinnte fós faoin gcaoi ar féidir linn freastal ort, ná bíodh drogall ar bith ort teagmháil a dhéanamh le hOifig TEG ag teg@mu.ie nó ag +353 1 708 3737.