• Polasaí Príobháideachta

    Polasaí Príobháideachta

    Ráiteas Ginearálta

    Ba mhaith linn a chur in iúl do chuairteoirí go dtí an suíomh seo gur féidir dhá leibhéal ginearálta eolais faoina gcuairt a choinneáil.  Baineann an chéad leibhéal eolais le heolas staitistiúil agus anailíseach a bhailítear ar bhonn comhiomlán neamh-indibhidiúil ó gach cuairteoir ar an suíomh.  Baineann an dara leibhéal eolais le heolas pearsanta sonrach a chuireann an cuairteoir féin ar fáil ar bhonn deonach.   

    Tugann an t-eolas staitistiúil agus anailíseach a bhailítear eolas ginearálta neamhshonrach dúinn faoi líon na ndaoine a thugann cuairt ar an Suíomh; líon na ndaoine a fhilleann ar an Suíomh, na leathanaigh a dtugann siad cuairt orthu; cén áit ar líne a raibh siad sular tháinig siad go dtí an suíomh seo agus an pointe ar fhág siad teg.ie.  Cabhraíonn an t-eolas seo linn monatóireacht a dhéanamh ar an trácht ar an Suíomh agus cumas agus éifeacht an tsuímh a bhainistiú.  Cabhraíonn sé linn chomh maith tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is mó a bhfuil éileamh orthu agus anailís a dhéanamh ar thréithe agus ar iompar na n-úsáideoirí le suim agus úsáid sna réimsí éagsúla den suíomh a mheas.  

     

    Ar fud an tSuímh seo, féadtar go mbeidh deis agat eolas a sheoladh chugainn, tríd an fhoirm chláraithe nó áiteanna eile gur féidir ríomhphoist a sheoladh nó aiseolas a chur ar fáil, srl.  Má bheartaíonn tú páirt a ghlacadh, beidh leibhéal éigin d’eolas pearsanta fút féin á chur ar fáil agat dúinn.  Bainfidh an suíomh seo úsáid as an eolas seo ar na cúiseanna seo amháin:

    le freastal a dhéanamh ar do riachtanais faoi mar a shonraíonn tú nuair a chláraíonn tú
    cúiseanna fíorúcháin agus anailís staitistiúil agus
    cúiseanna margaíochta agus riaracháin

     

    Bailiú agus úsáid eolas pearsanta

    Eolas pearsanta: eolas a bhaineann le d’ainm nó le d’aitheantas pearsanta.  Ní bhaileoidh an Suíomh aon eolas pearsanta fút ach amháin aon eolas a thugann tú dúinn ar bhonn deonach (mar shampla, ríomhphost a chuireann tú chugainn nó má chláraíonn tú linn).  Ní chuirfear aon eolas a thugann tú dúinn ar fáil d’aon tríú páirtí agus úsáidfidh an suíomh seo do chuid eolais i slí a bheidh ag teacht leis na cúiseanna ar chláraigh tú leis. 

     

    Bailiú agus úsáid eolas neamhphearsanta

    Eolas neamhphearsanta: eolas a bhailítear ar chúiseanna staitistiúla nach mbaineann le haitheantas ar leith.  Bailíonn an suíomh seo eolas teicniúil agus déantar anailís ar an eolas seo le measúnú a dhéanamh ar ár Suíomh.  Baineann an cineál eolais theicniúil  a bhailítear leis na nithe seo amháin:

    Seoladh IP Fhreastalaí Gréasáin an Chuairteora
    Ainm fearainn barrleibhéil (mar shampla, .com, .org, .net)
    Na leathanaigh a dtugtar cuairt orthu ar an suíomh seo
    An seoladh idirlín ag a raibh an cuairteoir sular tháinig sé chugainne, agus na téarmaí cuardaigh a úsáideadh
    Eolas maidir le conair chliceála a léiríonn  cá dtéann  na cuairteoirí timpeall an tSuímh (mar shampla, na leathnaigh ar tugadh cuairt orthu)

    Is uimhir é an seoladh IP a thugtar do do ríomhaire go huathoibríoch nuair atá tú ag úsáid an idirlín, a ligeann d’fhreastalaithe idirlín do ríomhaire a aimsiú agus a aithint. Is gá seoladh IP a bheith ag gach ríomhaire i dtreo is gur féidir le húsáideoirí cumarsáid,  brabhsáil agus siopadóireacht a dhéanamh ar líne.