• Teastais TEG bronnta i gCiarraí

    Teastais TEG bronnta i gCiarraí

    By tegadmin, Friday, 13th January 2017 | 0 comments

    Bronnadh teastais TEG ar fhiche ball foirne de chuid Chomhairle Contae Chiarraí ar an 13 Nollaig 2016. Tá Comhairle Contae Chiarraí tiomanta chun deiseanna a chothú agus a fhorbairt do mhuintir Chiarraí chun a gcuid gnó a dhéanamh leo i gceachtar de dhá theanga oifigiúil an Stáit.
     
    Ag labhairt di as Gaeilge, dúirt Moira Morrell, Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle Contae ag an searmanas  “Is seoda luachmhara iad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, tobar na teanga do phobal na hÉireann agus don Diaspóra ar fud an domhain, tobar a chuireann le cáilíocht ár mbeatha, le mórtas ceantair agus le Ciarraí mar cheann scríbe turasóireachta.  Mar Údarás Áitiúil, tá ról tábhachtach ag Comhairle Contae Chiarraí fís aontaithe a chothú chun ár dteanga náisiúnta agus ár gcultúr a fhorbairt agus a chur chun cinn ar mhaithe le gach éinne".

    Dúirt Aisling Ní Bheacháin ó Ollscoil Mhá Nuad “Tá Comhairle Contae Chiarraí le moladh as a gcuid iarrachtaí le tamall de bhlianta anuas a chinntíonn go bhfuil foireann na Comhairle oilte agus cumasaithe le seirbhís trí Gaeilge a chur ar fáil do phobal Chiarraí".

    Is í Oifig Gaeilge agus Rannóg Oiliúna Chomhairle Contae Chiarraí a sholáthraíonn cúrsaí Gaeilge.  Tuilleadh eolais 066-718 3532.

     

     



    Bookmark and Share