• Scrúduithe Ardleibhéal 1 (C1) - Dátaí

    Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1) - Déan Iarratas Anois!

    By tegadmin, Monday, 27th November 2017 | 0 comments

    Beidh Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1) ar siúl in Ollscoil Mhá Nuad ar an 2 & 3 Feabhra 2018 agus beifear ag glacadh le hiarratais go dtí an 12 Eanáir 2018. 

    Beidh an rogha ag iarrthóirí an scrúdú iomlán a dhéanamh (Lánchreidiúint), nó an scrúdú cainte leis féin a dhéanamh (Páirtchreidiúint).

    Aithnítear an cháilíocht seo go forleathan mar fhianaise ar ardscileanna teanga agus gach bliain, tugann daoine ó go leor cúlraí éagsúla faoin scrúdú: múinteoirí meánscoile, teangeolaithe, teagascóirí ollscoile, iriseoirí, aistritheoirí, dlíodóirí agus daoine eile nach iad. Tá sé mar choinníoll chomh maith ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go mbeidh Leibhéal C1 mar riachtanas fágála ag mic léinn a bhfuil cúrsaí iarchéime san aistriúchán idir lámha acu.

    Do dhaoine nach  n-oireann sé dóibh Scrúdú C1 a dhéanamh i mí Feabhra, beidh sé á reáchtáil arís ar an 17 & 18 Lúnasa 2018 i Má Nuad.  

    Tá gach eolas faoin scrúdú féin ar fáil anseo. 



    Bookmark and Share