• Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1) ar siúl ar an 27 & 28 Eanáir 2017

    Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1) ar siúl ar an 27 & 28 Eanáir 2017

    By tegadmin, Thursday, 1st December 2016 | 0 comments

    Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1)

    Cad é? Scrúdú Gaeilge ag ardleibhéal.  Déantar tástáil ar na scileanna teanga ar fad (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríobh & úsáid na Gaeilge, scrúdú cainte). Is féidir le daoine clárú don scrúdú cainte amháin agus páirtchreidiúint a fháil. 

    Cé dó é? Do dhaoine gur mhaith leo cruthúnas a fháil ar a gcuid scileanna Gaeilge – múinteoirí, iriseoirí, oibrithe san earnáil phoiblí, daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ina saol gairmiúil agus daoine eile nach iad.  Tá an cháilíocht seo ainmnithe faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge mar riachtanas fágála dóibh siúd atá ag déanamh cúrsaí aistriúcháin faoi scéim (tuilleadh eolais anseo). 

    Cathain? 27 & 28 Eanáir 2017

    Cén áit? Ollscoil Mhá Nuad, Co. Chill Dara.

    Spriocdháta d’iarratais  6 Eanáir 2017

    Siollabas, treoir, páipéir shamplacha agus tuilleadh eolais ar fáil anseo.  

    Foirm iarratais ar fáil anseo

    Tuilleadh eolais:teanga@nuim.ie    01 708 6417 



    Bookmark and Share