Mar chuid den phróiseas earcaíochta d'Oifigigh Fheidhmiúcháin sa tSeirbhís Phoiblí, tá sé i gceist ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí scrúdú cainte agus scríofa ag Meánleibhéal 2 (B2) Teastas Eorpach na Gaeilge a chur ar iarrthóirí gur mhaith leo áit a fháil sa tSraith Speisialtachta Ghaeilge. Is ón tSraith seo a líonfar folúntais ina bhfuil scileanna Gaeilge ag teastáil agus beidh iarrthóirí a n-éiríonn leo in ann réimse iomlán seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
See www.publicjobs.ie and www.teg.ie for further information.