• Gradam TEG bronnta ar Roibeard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí

    Gradam TEG bronnta ar Roibeard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí

    By tegadmin, Friday, 10th November 2017 | 0 comments

    Ba le linn Oireachtas na Samhna 2017 i gCill Áirne a bhronn Ollscoil Mhá Nuad teastais de chuid Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ar iarrthóirí rathúla ó Chontae Chiarraí a rinne scrúduithe cainte TEG le déanaí.  Sa mhullach air sin, bronnadh gradam nua, Gradam TEG, ar Oifig na Gaeilge, Comhairle Chontae Ciarraí, chun aitheantas a thabhairt don obair mhór atá déanta ag an eagraíocht an Ghaeilge a chur chun cinn sa láthair oibre agus ar fud an chontae. 

    Le deich mbliana anuas tá Comhairle Contae Chiarraí ag baint leasa as scrúduithe TEG chun cuid dá baill foirne a chumasú an Ghaeilge a shealbhú go córasach trí scrúduithe Gaeilge a dhéanamh. Is é aidhm Oifig na Gaeilge sa Chomhairle, faoi stiúir Oifigeach na Gaeilge, Roibeard Ó hEartáin, seirbhísí trí Ghaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar don phobal. Cuireann an Chomhairle seirbhísí i nGaeilge ar fáil ar nós fiosruithe pleanála, conas mótarcháin a athnuachan, agus conas clárú chun vótáil. Míníonn Roibeard tábhacht an ghradaim dó féin agus don eagraíocht. Deir sé gur “...mór an chúis áthais do Chomhairle Contae Chiarraí gur bhronn Ollscoil Mhá Nuad Gradam TEG 2017 orainn...  Is ábhar ríméid agus mórtais dúinn an t-aitheantas seo a fháil agus gabhaim buíochas ó chroí as tacaíocht na hOllscoile don Oifigeach Forbartha Gaeilge agus don eagraíocht i gcoitinne thar blianta...”

    Cuireann TEG sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag plé leis an nGaeilge idir ghlantosaitheoirí, dhaoine atá ag iarraidh filleadh ar fhoghlaim na Gaeilge, agus dhaoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu cheana féin ar mhaith leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga agus cáilíocht aitheanta a fháil. Tugann na scrúduithe deis d’iarrthóirí ó eagraíochtaí éagsúla cur lena gcumas sa Ghaeilge chun próifíl agus úsáid na teanga a neartú mar theanga oibre laethúil na heagraíochta. Le linn na hócáide, mhínigh Anna Ní Ghallachair, stiúrthóir Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, tábhacht chóras TEG mar go dtugann sé spriocanna cinnte foghlama don fhoireann sa láthair oibre.

    Roghnaigh Lárionad na Gaeilge Comhairle Contae Chiarraí do Gradam TEG 2017 chun aitheantas a thabhairt don eagraíocht as an obair atá ar bun acu i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá sé i gceist ag an Lárionad an gradam seo a bhronnadh ar institiúidí, ar eagraíochtaí, nó ar dhaoine a chuireann Teastas Eorpach na Gaeilge agus an Ghaeilge chun cinn sa phobal agus sa láthair oibre.  Tá dátaí scrúduithe TEG 2018 socraithe anois agus is féidir teacht ar thuilleadh eolais ar www.teg.ie.



    Bookmark and Share