• Dátaí & Ionaid TEG 2020

    Dátaí & Ionaid TEG 2020

    By tegadmin, Monday, 30th March 2020 | 0 comments

    Mar gheall ar an gcoróinvíreas, ní foláir scrúduithe TEG a bhí le bheith ar siúl idir seo agus deireadh mhí an Mheithimh 2020 a chur ar ceal, sna hionaid in Éirinn agus thar lear. Maidir le scrúduithe B1, B2 agus C1 atá le bheith ar siul i mí Iúil agus Lúnasa, déanfar athbhreithniú ar na socruithe seo ar bhonn míosúil agus cuirfear na scrúduithe ar siúl, nó déanfar socruithe ailtéarnacha bunaithe ar chomhairle agus ar threoirlínte an Rialtais.  

    Déanfar teagmháil dhíreach le hiarrthóirí atá cláraithe cheana féin do scrúduithe Aibreáin, Bealtaine agus Meithimh agus tabharfar an rogha doibh (i) an scrúdú a chur siar go dtí dáta eile nó (ii) aisíocaíocht a fháil.  

    Cuirfear eolas uasdátaithe maidir leis na scrúduithe ar fáil anseo, ar Facebook agus ar Twitter.  



    Bookmark and Share