• An gcuireann tusa nó d'eagraíocht cúrsaí Gaeilge bunaithe ar TEG ar fáil?

    An gcuireann tusa nó d'eagraíocht cúrsaí Gaeilge bunaithe ar TEG ar fáil?

    By tegadmin, Monday, 6th July 2015 | 0 comments

    Bíonn fiosruithe maidir le cúrsaí Gaeilge atá bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge ag teacht chugainn in Lárionad na Gaeilge go minic agus ba mhaith linn go mbeadh an t-eolas maidir le ranganna Gaeilge atá bunaithe ar shiollabais TEG chomh beacht agus is féidir.

    Má tá tú féin nó aon duine/eagraíocht i do cheantar (in Éirinn nó thar lear) ag tairiscint ranganna Gaeilge bunaithe ar TEG, bheimis buíoch díot as na sonraí seo a leanas a chur chuig teanga@nuim.ie:

    • Ainm na heagraíochta/an mhúinteora
    • Seoladh
    • Uimhir ghutháin
    • Seoladh ríomhphoist
    • Láithreán gréasáin

    Cuirfear na sonraí sin ar fad ar shuíomh TEG agus beidh foghlaimeoirí i do cheantar in ann teacht ar do chuid sonraí níos éasca.

    Is féidir le múinteoirí Gaeilge ag leibhéal ar bith leas a bhaint as TEG le ranganna teanga a sholáthar. Féach thíos na buntáistí a bhaineann le TEG do theagascóirí agus d’ionaid teagaisc Gaeilge.

    Buntáistí TEG don Mhúinteoir Teanga

    • Is é an taithí atá ag foghlaimeoirí ná go spreagtar iad go mór nuair a thugann siad faoi cháilíocht TEG
    • Is córas solúbtha céimithe atá ann
    • Tá ábhar an chúrsa dírithe ar dhaoine fásta
    • I gcóras TEG, déantar na ceithre phríomhscil teanga a fhorbairt: labhairt, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríbhneoireacht
    • Cuireann TEG acmhainní cuimsitheacha teagaisc ar fáil saor in aisce
    • Is féidir an scrúdú cainte amháin a dhéanamh agus páirtchreidiúint a fháil
    • Tá fáil ar TEG ar fud an domhain agus tá ionaid scrúdaithe in Éirinn, sna Stáit Aontaithe, i bPoblacht na Seice, sa Fhrainc agus i gCeanada
    • Bronnadh An Séala Eorpach Teanga agus Séala ALTE (Association of Language Testers in Europe) ar TEG mar aitheantas ar ardchaighdeán agus ar cheannródaíocht i múineadh agus i dtástáil teanga
    • Cuireann cáilíochtaí TEG deiseanna ar fáil i réimsí an oideachais agus sa tseirbhís phoiblí
    • Aithníonn fostóirí ar fud an domhain cáilíochtaí TEG mar chuid den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha

    Beimid ag súil le scéala uait!



    Bookmark and Share