• Nuacht

    Nuacht

    Scrúdú B2 & C1, Nollaig 2023 - Cláraigh anois

    By tegadmin 10/10/2023 | 0 comments
    Beidh scrúdú Meánleibhéal 2 (B2) agus Ardleibhéal 1 (C1) á reáchtáil i Má Nuad i mí na Nollag 2023. Tá an fhoim iarratais ar fáil anseo agus is é an 13 Samhain 2023 an spriocdháta d'iarratais.

    Scrúdú B1: Léamhthuiscint

    By tegadmin 09/11/2021 | 0 comments
    Tabhair faoi deara go mbeidh athrú ar Cheist 1 sa Léamhthuiscint in 2022. Beidh an cheist nua seo i ngach scrúdú Léamhthuisceana ag Meánleibhéal 1 (B1) as seo amach. Is é a bheidh i gCeist 1 sa Léamhthuiscint anois ná 5 cinn de théacsanna gairide (teachtaireachtaí ríomhphoist, nótaí, fógraí srl.). Beidh ceist ilrogha (A, B nó C) le gach téacs. Beidh ar iarrthóirí an téacs a léamh agus an freagra is oiriúnaí i ngach cás a roghnú. Tá uasdátú déanta ar Scrúdú samplach 1 agus ar Scrúdú samplach 2 agus samplaí den cheist nua curtha leo. 

    Scrúdú TEG B1 d'iarrthóirí ar an B.Oid. trí mheán na Gaeilge i Marino

    By tegadmin 06/01/2021 | 0 comments
    Mar thoradh ar na srianta reatha a bhaineann le Covid-19, beidh scrúdú TEG B1 d'iarrthóirí ar an B.Oid. trí mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino ar an 20 Feabhra 2021 ar siúl ar líne. Ag brath ar líon na n-iarrthóirí seans go mbeidh roinnt de na scrúduithe cainte ar siúl ar an Aoine, 19 Feabhra. Tá an spriocdháta d'iarratais curtha siar go dtí 5pm ar an 31 Eanáir 2021. Tuilleadh eolais

    Gradam Idirnáisiúnta do Scrúduithe TEG

    By tegadmin 10/12/2020 | 0 comments
    Tá lúcháir ar Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, a fhógairt go bhfuil ALTE (Association of Language Testers in Europe) tar éis an Q-mark a bhronnadh ar scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) den dara huair. Bronnadh an gradam seo den chéad uair ar TEG in 2016. Chun an Q-Mark a bhaint amach, bhí ar an Lárionad dul trí dhianphróiseas iniúchta ina ndearnadh measúnú ar scrúduithe TEG de réir 17 gcinn d’íoschaighdeáin atá leagtha síos ag ALTE le hardchaighdeán scrúduithe a dhearbhú.

    Scrúdú TEG B1 d'Iarrthóirí ar an MGO

    By tegadmin 09/11/2020 | 0 comments
    Tá feachtas earcaíochta ar siúl faoi láthair ag na hInstitiúidí Oideachais d’áiteanna ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a mbeidh tús á gcur leo i mí Mheán Fómhair 2021. Mar chuid den phróiseas iontrála, caithfidh iarrthóirí scrúdú TEG ag Meánleibhéal 1 (B1) a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas. Beidh ar mhic léinn 65% a ghnóthú sa scrúdú cainte mar choinníoll iontrála.

    Page 1 of 4