• Nuacht

    Nuacht

    Scrúduithe TEG Eanáir agus Feabhra 2021

    By tegadmin 22/10/2020 | 0 comments
    Tá na dátaí do scrúduithe TEG Meánleibhéal 1 (B1) agus Meánleibhéal 2 (B2) a bheidh ar siúl i mí Eanáir agus Feabhra ar fáil anseo. Is féidir le hiarrthóirí ar an MGO gach eolas faoi Scrúdu Cainte TEG Meánleibhéal 1 (B1) a fháil anseo.

    Scrúduithe TEG Iúil agus Lúnasa 2020 - uasdátú

    By tegadmin 15/06/2020 | 0 comments
    Mar gheall ar an gcoróinvíreas, ní foláir scrúduithe scríofa TEG a bhí le bheith ar siúl i mí Iúil agus Lúnasa 2020 a chur ar athló. Beidh scrúduithe cainte B1 agus B2 á reachtáil ar líne againn áfach agus tá sceideal nua scrúdaithe 2021 socraithe chomh maith.  

    Socruithe maidir le coróinvíreas (COVID-19)

    By tegadmin 13/03/2020 | 0 comments
    I bhfianaise na dtreoracha a tháinig ón Rialtas ar an 12 Márta ag moladh do dhaoine bheith ag obair sa bhaile oiread agus is féidir, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ní a bhaineann le cúrsaí Gaeilge nó scrúduithe TEG ag teanga@mu.ie. Mar eolas, tá sé i gceist againn dul ar aghaidh le sceideal scrúduithe TEG faoi mar atá ach déanfar athbhreithniú ar na socruithe ar an 30 Márta agus déanfar uasdátú ar an eolas ar an suíomh ag an phointe sin.

    Feidhmeannach Riaracháin á lorg ag Lárionad na Gaeilge

    By tegadmin 20/02/2020 | 0 comments
    Tá Feidhmeannach Riaracháin á lorg ag Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil, Ollscoil Mhá Nuad. Conradh trí bliana atá i gceist. Beidh ar an té a cheapfar na dualgais seo a leanas maidir le riar scrúduithe TEG a chur i gcrích i bpáirt le Comhordaitheoir na Gaeilge agus foireann TEG:

    Scrúdú cainte TEG B1 don MGO -scrúdú breise

    By tegadmin 08/02/2020 | 0 comments
    Tá feachtas earcaíochta ar siúl faoi láthair ag na hInstitiúidí Oideachais d’áiteanna ar chláir an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a mbeidh tús á gcur leo i mí Mheán Fómhair 2020.  Mar chuid den phróiseas iontrála, beidh ar iarrthóirí scrúdú a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas ag Meánleibhéal 1 (B1) de chuid Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Tá scrúdú breise á chur ar fáil ag TEG d’iarrthóirí nár éirigh leo an scrúdú a dhéanamh an chéad bhabhta i mbliana. Ar an Satharn 29 Feabhra a bheidh an scrúdú ar siúl i Má Nuad amháin. Beidh ar mhic léinn 65% a ghnóthú sa scrúdú cainte mar choinníoll iontrála. Tá tuilleadh eolais, scrúduithe samplacha agus an fhoirm iarratais ar fáil anseo.  

    Scrúduithe TEG 2020 - Dáta socraithe

    By tegadmin 04/10/2019 | 0 comments
    Tá na dátaí do scrúduithe TEG Earrach agus Samhradh 2020 ar fáil anseo.  Ba cheart d'iarrthóirí ionchasacha ar an MGO dul go dtí an leathanach seo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Scrúdú Cainte TEG Meánleibhéal 1 (B1) a bheidh ar siúl i mí Eanáir agus Feabhra.  

    Athruithe ar an bpróiseas iontrála iarchéime do mhúinteoireacht bhunscoile

    By tegadmin 15/11/2018 | 0 comments
    Ar an 13 Samhain, d'fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D., plean nua chun scrúdú cainte Gaeilge amháin a chur ar scoláirí atá ag iarraidh cur isteach ar chláir iarchéime do mhúinteoireacht bhunscoile atá á reáchtáil ag DCU, Ollscoil Mhaigh Nuad, Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste Mhuire gan Smál (na ceithre sholáthróir d’oiliúint bhunscoile do mhúinteoirí, arna maoiniú ag an Stát). 

    Ceist Nua i Scrúdú cainte Mheánleibhéal 1 (B1)

    By tegadmin 12/09/2018 | 0 comments
    Do dhaoine atá ag smaoineamh ar Scrúdú Mheánleibhéal 1 (B1) a dhéanamh i 2019, tá sé tábhachtach go mbeidh siad ar an eolas go mbeidh mír nua mar chuid den scrúdú cainte as seo amach.  Maraon le ceisteanna a fhreagairt agus cur síos a dhéanamh ar phictiúr, beidh ar iarrthóirí páirt a ghlacadh i rólghníomhaíocht mar chuid den scrúdú cainte.  Tá gach eolas anseo.  

    Scrúduithe TEG - Samhradh 2018

    By tegadmin 25/05/2018 | 0 comments
    Beidh scrúduithe TEG Meánleibhéal 1 (B1), Meánleibhéal 2 (B2), Ardleibhéal 1 (C1) agus Bonnleibhéal 2 (A2) ar siúl i mí Iúil agus i mí Lúnasa 2018. Cliceail anseo chun eolas a fháil maidir le dátaí agus iarratais.  

    Page 2 of 4