• Achomhairc agus Aiseolas Breise

    Achomhairc agus Aiseolas Breise

    I gcás iarrthóirí atá míshásta leis an ghrád atá faighte acu i scrúdú de chuid TEG, nó a bhfuil ceisteanna acu faoin ghrád sin, tá na roghanna seo a leanas acu:

    (a) Achomharc
    (b) Aiseolas breise

    Ní mór d’iarrthóirí a chinntiú go ndéanfaidh siad iarratas faoi pé spriocdháta a bhainfidh leis an scrúdú acu féin – 7-10 lá i ndiaidh eisiúint na ngrád, de ghnáth.

    Tá cur síos thíos ar na próisis sin:

    (a) Achomharc

    In Achomharc, déanann iarrthóir iarratas foirmiúil go ndéanfaidh an té a rinne cinneadh foirmiúil, nó duine atá ag feidhmiú thar ceann an duine sin, an cinneadh foirmiúil sin a athbhreithniú, i.e. an cinneadh foirmiúil a athbhreithniú i bhfianaise ceisteanna a bheidh ardaithe ag an iarrthóir faoi cheann amháin nó níos mó de na forais achomhairc thíos. Is gá an fhoirm chuí a úsáid agus ní mór don fhoirm agus an táille a bheith faighte ag TEG roimh an spriocdháta d’iarratais (faigheann iarrthóirí an t-eolas seo nuair a eisítear na gráid).

    Seo a leanas na forais achomhairc i gcás grád scrúdaithe:

    Fianaise ar mhírialtacht shubstainteach sa chaoi ar reáchtáladh an scrúdú;
    Fianaise ar chlaontacht shubstainteach i gcás duine amháin nó níos mó de na scrúdaitheoirí maidir le cinneadh a dhéanamh;
    Fianaise shoiléir, chuimsitheach go bhfuil an grád a bronnadh míchruinn.

    Eisceachtaí

    Ní foras achomhairc díomá mar gheall ar ghrád nó tuairim gur chóir go mbeadh grád ní b’airde.
    Ní foras achomhairc gearán mar gheall ar dhuine nó ar nós imeachta.
     

    Ní cheadaítear achomharc bunaithe ar an fhoras chéanna i gcás cinneadh a ndearnadh athbhreithniú nó achomharc mar gheall air cheana féin.

    I gcás iarratas nach sásóidh na critéir thuas, ní bheidh an t-iarrthóir sin i dteideal aisíocaíocht a fháil. Mar sin, moltar do gach iarrthóir na forais thuas a mheas go cúramach sula ndéanfaidh sé/sí iarratas ar achomharc.

    Má ghlactar le hiarratas ar achomharc, déanfaidh scrúdaitheoir de chuid TEG nach raibh baint aige/aici leis an chéad mharcáil na gnéithe ábhartha d’obair an iarrthóra a athmharcáil. I gcás iarrthóirí ar an MGO, déanfaidh TEG gach iarracht iarratais ar achomharc a phróiseáil roimh spriocdhátaí ábhartha le haghaidh iarratais ar an MGO.

    Táille a bhaineann le hAchomharc ar an scrúdú cainte amháin: €80

    Táille a bhaineann le hAchomharc ar an scrúdú cainte agus an scrúdú scríofa: €150

    Sa chás go dtagann ardú ar ghrád mar gheall ar achomharc, ba chóir don iarrthóir teagmháil a dhéanamh le TEG chun aisíocaíocht ar an táille seo a eagrú.

    Le foirm iarratais le haghaidh Achomhairc a íoslódáil, cliceáil anseo.

    Le híoc as Achomharc, cliceáil anseo.

    (b) Aiseolas breise

    Aon iarrthóir atá ag iarraidh breis aiseolas foirmitheach a fháil mar gheall ar an chaoi ar éirigh leis/léi i scrúdú, is féidir leis/léi iarratas foirmiúil a dhéanamh ar Aiseolas Breise. Is gá an fhoirm chuí a úsáid agus ní mór don fhoirm agus an táille a bheith faighte ag TEG roimh an spriocdháta d’iarratais (faigheann iarrthóirí an t-eolas seo nuair a eisítear na gráid).

    Tábhachtach: Aiseolas foirmitheach atá i gceist le hAiseolas Breise agus ar mhaithe le forbairt teanga an iarrthóra atá sé. Ní cuid den phróiseas achomhairc é, agus ní ceadmhach é a úsáid chuige sin.

    Táille le haghaidh Aiseolas Breise ar an scrúdú cainte: €80

    Táille le haghaidh Aiseolas Breise ar an scrúdú cainte agus an scrúdú scríofa: €150

    Mar chuid d’Aiseolas Breise, déanfaidh scrúdaitheoir de chuid TEG na gnéithe ábhartha d’obair an iarrthóra a mheas go cúramach agus cuirfidh sé/sí tuairisc chuimsitheach ar fáil bunaithe air sin. San áireamh sa tuairisc, bíonn na nithe seo: buanna agus láidreachtaí, nithe le feabhsú, liosta de na botúin is mó/is coitianta a rinne an t-iarrthóir, comhairle maidir le staidéar breise agus liosta acmhainní agus moltaí le cabhrú leis an iarrthóir. Ba chóir go bhfaigheadh an t-iarrthóir cóip den tuairisc faoi cheann 5-6 seachtaine i ndiaidh dó/di iarratas a dhéanamh.

    Le foirm iarratais le haghaidh Aiseolas Breise a íoslódáil, cliceáil anseo.

    Le híoc as Aiseolas Breise, cliceáil anseo