• Leibhéil TEG

    Leibhéil TEG

    Is é Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG), atá á riar ag Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, an chéad chóras teastasaithe d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Is córas cuimsitheach, grádaithe é a thugann deis d’fhoghlaimeoirí tabhairt faoi scrúduithe ag cúig leibhéal cumais.

    Tá leibhéil éagsúla TEG bunaithe go ginearálta ar An Fráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001). Bunaíodh na siollabais agus na sonraíochtaí ar na tuairiscíní éagsúla sa Fhráma Tagartha, bíodh is nár tugadh faoi phróisis fhoirmiúla ailínithe go dtí seo. Tá forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana.

    Ar an leathanach Maidir le scrúduithe, gheobhaidh eolas maidir leis na scileanna teanga a bhíonn ag foghlaimeoirí ag na leibhéil éagsúla.  Tabharfaidh an  t-eolas seo tuairim duit cén leibhéal teanga atá agat féin ag do chuid foghlaimeoirí agus eolas bunúsach maidir leis na scileanna teanga gur cheart díriú orthu chun leibhéal áirithe teanga a bhaint amach.

    Moltar d'fhoghlaimeoirí méid áirithe ama a chaitheamh i mbun staidéir agus cleachtaidh ar an teanga roimh thabhairt faoi scrúdú faoi leith. Tá treoir ghinearálta sa léaráid thíos faoin mhéad ama atá i gceist le hábhair na siollabas a chlúdach ag gach leibhéal. Moltar d'fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal oiread teagmhála agus is féidir a bheith acu leis an teanga. Is féidir seo a dhéanamh trí ranganna, staidéar pearsanta rialta, ciorcail chomhrá agus deiseanna úsáide eile nach iad (cláir theilifíse agus scannáin; raidió; nuachtáin agus irisí ar líne a léamh; dialann a choimeád sa teanga agus eile).  Féach ar an leathanach Naisc agus Acmhainní le tuilleadh smaointe a fháil maidir leis an bhfoghlaim éifeachtach teanga.   ​

    Leibhéal Uaireanta an chloig foghlama a mholtar
    Bonnleibhéal 1 (A1) 80-100
    Bonnleibhéal 2 (A2) + 160-200
    Meánleibhéal 1 (B1) + 350-400
    Meánleibhéal 2 (B2) + 500-600
    Ardleibhéal 1 (C1) + 1000

    Más mian leat tuairim a fháil faoin leibhéal atá agatsa sa teanga, bain triail as Triail ar Líne TEG. (Cuimhnigh nach bhfuil sa triail seo ach céim amháin; moltar d’iarrthóirí measúnú labhartha a dhéanamh le múinteoir sula dtabharfaidh siad faoi chúrsa nó faoi scrúdú faoi leith.)