Seo thíos léiriú gearr ar na scileanna éagsúla atá ag foghlaimeoirí a bhfuil Ardleibhéal 1 (C1) bainte amach acu.
Labhairt
Tá foghlaimeoirí ag Ardleibhéal 1 (C1) in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i ngnáthchomhrá nó i gcaint fhoirmiúil (mar shampla, léacht, díospóireacht, agallamh). Is féidir leo ábhair chasta theibí a phlé le daoine eile, cainteoirí dúchais san áireamh, fad is nach mbíonn an plé thar a bheith canúnach, sainiúil, teicniúil ná róthapa. Tá siad in ann tuairimí agus smaointe a chur in iúl nó a chosaint agus pointí/argóintí daoine eile a fhreagairt. Tá siad ábalta labhairt faoi réimse leathan topaicí go cruinn líofa spontáineach, ar shlí nach gcuireann dua ar bith ar éisteoirí. Déantar botúin ghramadaí sa chaint, go háirithe nuair a bhíonn an cainteoir faoi bhrú nó ag caint go tapa nó go hanamúil ach is meancóga a dhéantar de bharr brú nó easpa cúraim a bhíonn ina leithéid de mhíchruinneas bunúsach agus ní earráidí iad a dhéantar ar bhonn leanúnach de bharr aineolais ar fhoclóir nó ar an ghramadach bhunúsach. Tá siad in ann píosaí fada cainte a dhéanamh i gcomhthéacs foirmiúil nó neamhfhoirmiúil.
Cluastuiscint
Tá foghlaimeoirí ag Ardleibhéal 1 (C1) in ann caint fhada a thuiscint gan mórán dua, lena n-áirítear fógraí, teachtaireachtaí, treoracha taifeadta, léachtaí, díospóireachtaí, formhór na gclár raidió/ teilifíse agus ábhair eile atá coitianta sa saol sóisialta, acadúil agus gairmiúil. Tá siad in ann comhrá agus plé idir tríú páirtithe a thuiscint fad is nach mbíonn an chaint thar a bheith canúnach, sainiúil, teicniúil ná an-tapa. Is féidir leo píosa fada cainte a thuiscint fiú mura mbíonn struchtúr soiléir air agus fiú má chuirtear pointí áirithe in iúl go hindíreach, caolchúiseach. Tá siad in ann raon leathan nathanna agus cora cainte a thuiscint agus difríochtaí réime a thabhairt faoi deara. Níltear ag súil go dtuigfear gach focal i gcaint theicniúil nó i gcaint a bhaineann le hábhair nach bhfuil aon saineolas ag an fhoghlaimeoir orthu (mar shampla, an béarlagair a bhaineann leis an dlí, an teicneolaíocht faisnéise nó an diagacht) ach mar sin féin, tuigfear brí ghinearálta na cainte.
Léamhthuiscint
Bíonn foghlaimeoirí ag Ardleibhéal 1 (C1) in ann déileáil leis na gnáth-théacsanna Nua-Ghaeilge a bhíonn le léamh sa saol sóisialta, gairmiúil agus acadúil (mar shampla comhfhreagras, treoracha, ailt, tuairiscí, leabhair agus araile), fad is nach mbíonn siad thar a bheith canúnach, róshainiúil nó rótheicniúil. D’fhéadfadh na téacsanna sin a bheith fada, casta, teibí. Chomh maith le stór fairsing focal beidh na scileanna seo a leanas aige/aici: na foinsí tagartha (foclóirí, graiméir srl.) cuí a úsáid go héifeachtach; téacsanna fada casta a shracléamh agus eolas/ pointí a bhaineann le hábhar a bhaint astu; stíl agus luas na léitheoireachta a chur in oiriúint do chuspóirí éagsúla agus do théacsanna éagsúla.
Scríbhneoireacht
Beidh foghlaimeoirí ag Ardleibhéal 1 (C1) in ann raon leathan de chineálacha téacsanna a scríobh. Ní bheifear ag brath ar na topaicí a bheith sothuartha ná bainteach lena gcuid oibre/ réimse eolais féin. Beidh na foghlaimeoirí solúbtha, cruthaitheach go leor le scríobh go héifeachtach faoi thopaicí nach bhfuil seanchleachtadh acu orthu, fad is nach bhfuil na topaicí sin róshainiúil ná rótheicniúil. I measc na dtéacsanna sin tá: lámhleabhair/ bileoga treorach, fógráin, ailt d’irisí, nuachtáin, tuairisc nó cur síos ar phost, meamraim, ábhair theagaisc, miontráchtais ollscoile, scríbhneoireacht chruthaitheach agus miontuairiscí cruinnithe. Beidh réimse leathan nathanna, cora cainte, nascfhocail agus téarmaí coitianta ar a dtoil ag na foghlaimeoirí. Beidh soiléireacht, saibhreas agus nádúrthacht sa stíl scríbhneoireachta. Beidh tionchar na máthairtheanga le sonrú in amanna ach is annamh a bheidh sé chomh tromchúiseach sin agus go mbeidh deacrachtaí ag léitheoirí an téacs a thuiscint. Beidh an téacs cruinn, den chuid is mó, ó thaobh na gramadaí agus an litrithe de.