pic pic pic
teg logo teg logo pic Maidir le teg
pic
pic pic pic pic pic Naisc & acmhainní
pic
pic Ceisteanna coitianta
pic
pic Nuacht
pic
pic Teagmháil
pic
pic
teg logo
teg logo english version
pic pic
arrowNuacht

 

Déantar athnuachan ar an leathanach seo ar bhonn rialta

Coinnigh suas leis na forbairtí is déanaí trí sheiceáil anseo.

  • Eanáir 2012

    Do iarrthóirí ar scrúduithe 2012 (A1 go B2) nach daltaí meánscoile iad, tá an fhoirm ar fáil anseo.

    Tabhair faoi deara nach féidir le hiarrthóirí fásta ar na leibhéil A1 go B2 foirm iarratais chlóbhuailte a úsáid a thuilleadh.

  • Iúil 2011

    Aitheantas faighte ag TEG ón gComhairle Mhúinteoireachta

    Tá aitheantas oifigiúil faighte ag Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Leibhéal B2 Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Ciallaíonn sé seo go sásaíonn TEG Leibhéal B2 na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais.

    Is deis iontach é seo do dhaoine gur mhaith leo dul le gairm na múinteoireachta nach bhfuil na riachtanais iontrála chuí acu do na coláistí oideachais, mar shampla, Gaeilge Ardleibhéal na hArdteistiméireachta. Neamhchosúil leis an siollabas agus an scrúdú Ardteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí foghlama.

    Beidh scrúdú TEG B2 ar siúl ar an 21 Aibreán 2012 sna hionaid seo a leanas: Má Nuad, Cill Chainnigh, Corcaigh, Cill Airne, Luimneach, An Spidéal, Caisleán an Bharraigh, Béal Feirste, Leitir Ceanainn agus Gaoth Dobhair, ag brath ar éileamh. Tá cúrsaí ullmhúcháin do scrúduithe TEG ar siúl in ionaid oideachais éagsúla ar fud na tíre. Cuireann Ionad na dTeangacha ábhar teagaisc agus tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí agus do fhoghlaimeoirí saor in aisce ag www.teg.ie. Chun tuilleadh eolais a fháil cuir glaoch ar 01 7086417/7083737 nó cuir rphost chuig teanga@nuim.ie.

    Siollabas B2
    Ábhar teagaisc B2
    Páipéir shamplacha

  • ionaid agus dátaí scrúdaithe 2012 do na leibhéil A1 - B2 ar an leathanach seo.
  • Do mhúinteoirí meánscoile: ar mhaith libh daltaí idirbhliana a chur isteach ar scrúduithe teg? Tá tuilleadh eolais anseo.
  • Tuairiscí Scrúduithe TEG (Scrúdú Bhonnleibhéal 1 – Scrúdú Mheánleibhéal 2) ar fáil anois. Tá cur síos sna tuairiscí seo ar gach gné de na scrúduithe ó cuireadh tús leo in 2005/2006. Is féidir teacht orthu ar an leathanach seo.
  • Moltar do mhúinteoirí staidéar a dhéanamh arís ar pháipéir shamplacha B1 agus B2 mar go bhfuil uasdátú déanta orthu chun go mbeidh siad ag teacht go hiomlán leis na hathruithe atá curtha i bhfeidhm againn ar na scrúduithe sin le bliain anuas.

   

pic
Baile :: Maidir le teg :: Maidir le scrúduithe :: Eolas & moltaí :: Naisc & acmhainní :: Ceisteanna coitianta :: Nuacht :: Teagmháil
pic pic
 
pic
pic
pic pic pic pic pic
 © teg 2006 Gach ceart cosanta | Téarmaí & Coinníollacha
pic
home home