pic pic pic
teg logo teg logo pic Maidir le teg
pic
pic pic pic pic pic Naisc & acmhainní
pic
pic Ceisteanna coitianta
pic
pic Nuacht
pic
pic Teagmháil
pic
pic
teg logo
  Eolas & moltaí pic
Eolas & moltaí
Eolas & moltaí do mhúinteoirí
arrow
Eolas & moltaí d'iarrthóirí
Eolas d'fhostóirí
Ionaid teagaisc
 
 
 
 
 
 
teg logo english version
pic pic
arrowEolas & moltaí do mhúinteoirí

 

Cad é atá i gceist le Teastas Eorpach na Gaeilge (teg)?

Tá Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad tar éis córas teastasaithe a fhorbairt d'fhoghlaimeoirí fásta atá ag foghlaim Gaeilge. Faoi láthair, tá siollabais agus scrúduithe ar fáil ag cúig leibhéal cumais:
picBonnleibhéal 1 (A1)
picBonnleibhéal 2 (A2)
picMeánleibhéal 1 (B1)
picMeánleibhéal 2 (B2)
picArdleibhéal 1 (C1)
Beidh siollabas agus scrúduithe ar fáil d'Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo.

Tá cóipeanna de scrúduithe samplacha agus de na siollabais le fáil ar an suíomh gréasáin seo.

Tá ábhar teagaisc ar fáil ANSEO. pic
Treoracha ginearálta do mhúinteoirí ar mian le daoine fásta sna ranganna acu cur isteach ar cheann de scrúduithe teg:

  1. Cabhraigh leis na hiarrthóirí eolas a chur ar na rannóga éagsúla sa scrúdú agus na cineálacha ceisteanna agus tascanna atá le fáil i ngach rannóg. Is féidir ceisteanna agus tascanna den chineál céanna a chleachtadh sa rang agus a thabhairt dóibh mar obair bhaile.

  2. Mol do na hiarrthóirí cloí leis na treoracha a leagtar síos sna ceisteanna.  Mar shampla, ba cheart dóibh cloí leis an líon focal a leagtar síos nuair a bhíonn píosa scríbhneoireachta le déanamh acu.  Nuair a bhíonn tic le cur i mbosca amháin focal amháin le cur i mbearna, ba cheart do na hiarrthóirí cloí leis na treoracha sin nó tá an baol ann go gcaillfidh siad marcanna.

  3. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh iarrthóirí eolach ar an leagan amach atá ar an scrúdú cainte.  Is minic a éiríonn iarrthóirí neirbhíseach agus iad ag dul i mbun an scrúdaithe agus, mar sin, is mór an chabhair dóibh má bhíonn siad breá eolach ar cad é go díreach atá i gceist.  Ba cheart go mbeadh na cineálacha gníomhaíochtaí atá sa scrúdú cainte (mar shampla, ceisteanna ginearálta bunaithe ar an siollabas, rólghníomhaíochtaí agus cur síos ar phictiúir) mar chuid lárnach den chur chuige sa seomra ranga ionas go mbeidh iarrthóirí compordach lá an scrúdaithe féin.

Ceisteanna coitianta do mhúinteoirí meánscoile.

  1. An féidir le gach scoil cur isteach ar scrúduithe TEG?
    Glacann Ionad na dTeangacha le líon áirithe scoileanna ar mhaith leo go ndéanfadh daltaí idirbhliana scrúduithe TEG. Má tá spéis ag do scoilse sna scrúduithe seo moltar go láidir duit iarratas a chur isteach chomh luath agus is féidir.
  2. Cén buntáiste atá i scrúduithe TEG do dhaltaí na hidirbhliana?
    Is cáilíocht é TEG atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus cáilíocht bhreise sa Ghaeilge a bheidh ann do dhaltaí idirbhliana ar fhágáil na scoile dóibh. Chomh maith leis sin, gheobhaidh siad taithí ar scrúdú scríofa agus scrúdú cainte a dhéanamh, taithí a bheidh iontach luachmhar dóibh agus iad i mbun scrúduithe na hArdteistiméireachta. Anuas air sin, gheobhaidh an dalta deis dul i ngleic le scileanna tábhachtacha cumarsáide a rachaidh chun tairbhe a gcuid scileanna foghlama teanga ina dhiaidh sin.
  3. An féidir le daltaí idirbhliana aon cheann de scrúduithe TEG a dhéanamh?
    Is féidir ach moltar do mhuinteoirí dul i dteagmháil le hIonad na dTeangacha maidir leis an leibhéal cuí a roghnú do dhaltaí ar 01 7086417 idir 3.30 pm agus 4.30 pm ar an Máirt agus ar an Déardaoin nó cuir ríomhphost chuig teanga@nuim.ie.
  4. Cad iad na leibhéil atá i gceist i gcóras TEG?
    Tá gach eolas faoi na leibhéil éagsúla ar fáil anseo.
  5. Cad é mar is féidir an leibhéal ceart a roghnú do na daltaí atá agamsa?
    Moltar go láidir do mhúinteoirí teagmháil a dhéanamh le hIonad na dTeangacha le breis eolais a fháil faoin ábhar seo. Sula ndéanann siad é sin ba cheart dóibh grinnstaidéar a dhéanamh ar na siollabais agus na páipéir shamplacha atá le fáil do gach leibhéal ar shuíomh TEG. D’fhéadfaí ceann de na páipéir shamplacha sin a thabhairt do na daltaí chun tuairim a thabhairt duit faoin leibhéal a bheadh oiriúnach dóibh.
  6. Cá mbíonn na scrúduithe scríofa ar siúl?
    Beidh scrúduithe scríofa ar siúl sna hionaid seo a leanas:
    • Má Nuad
    • Gaoth Dobhair
    • Leitir Ceanainn
    • Caisleán an Bharraigh
    • An Spidéal
    • Luimneach
    • Cill Áirne
    • Corcaigh
    • Cill Chainnigh
    • Béal Feirste
  7. Cá mbíonn na scrúduithe cainte ar siúl?
    De ghnáth, bíonn na scrúduithe cainte ar siúl san ionad céanna leis na scrúduithe scríofa roimh agus i ndiaidh an scrúdaithe scríofa, ar maidin agus san iarnóin. Ag brath ar líon na ndaltaí i do ghrúpa agus scrúdaitheoirí TEG a bheith ar fáil i do cheantar, déanfaidh Ionad na dTeangacha iarracht na scrúduithe cainte a chur ar siúl sa scoil le linn agus tar éis uaireanta scoile. Ach beidh sé seo ag brath ar líon na ndaoine sa ghrúpa agus scrúdaitheoirí cainte a bheith ar fáil.
  8. Cén táille atá i gceist?
    Is iad na táillí a bheidh i gceist do dhaltaí idirbhliana ná:
    A1 - B2:    €80 an duine
  9. Cad é mar a chuirfear na torthaí ar fáil?
    Cuirfear an marc iomlán a ghnóthaigh an t-iarrthóir ar fáil, mar aon le briseadh síos ar na marcanna a ghnóthaigh an t-iarrthóir sna rannóga éagsúla.
  10. Cá bhfaighidh mé an fhoirm iarratais?
    Tá foirm iarratais faoi leith do dhaltaí meánscoile le fáil anseo .
  11. Cén dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais?
    Is é an dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais ó na scoileanna ná: Aoine 24 Feabhra 2012.
  12. Cé ba cheart na foirmeacha iarratais a líonadh?
    Ba chóir go gcuirfeadh an múinteoir ranga foirmeacha iarratais na ndaltaí móide an táille scrúdaithe do gach dalta (seic nó ordú poist iníoctha le hionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad) faoi bhráid Ionad na dTeangacha in aon bheart amháin.
  13. An féidir le daltaí aonaracha cur isteach ar scrúduithe TEG nó an gcaithfidh an scoil iarratas a chur isteach?
    Is féidir ach a chur in iúl go soiléir ar an bhfoirm iarratas gur dalta idirbhliana é/í.
  14. Cén áit is féidir liom eolas breise a fháil.
    • Gach eolas ar fail ar an suíomh seo (www.teg.ie).
    • Cuir ríomhphost chuig teanga@nuim.ie.
    • Cuir glaoch ar 01 7086417 idir 3.30 pm agus 4.30 pm ar an Máirt nó ar an Déardaoin.

Moltaí ginearálta do mhúinteoirí:

  1. Tá gach faoi chóras TEG le fáil ar an suíomh seo. Tugtar eolas faoi na siollabais, scrúduithe samplacha agus ábhair theagaisc.
  2. Tá sé tábhachtach go gcuirfí iarrthóirí ar an eolas faoi na cineálacha ceisteanna a bhíonn i scrúduithe TEG agus go ndéanfaí cleachtadh leo go rialta ar na ceisteanna sin. Tá ábhar samplach teagaisc le fáil ar an suíomh chomh maith.
  3. Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfadh múinteoirí na Tuairiscí a théann le scrúduithe A1-B2 a léamh go cúramach. (Nasc anseo).
  4. Maidir leis an fhoirm iarratais: ba cheart don mhúinteoir cabhrú leis na daltaí na foirmeacha a líonadh agus ansin ba cheart don mhúinteoir na foirmeacha ar fad a sheoladh chuig Ionad na dTeangacha in aon bheart amháin móide an táille scrúdaithe do gach dalta.
  5. I gcás go mbeidh níos mó ná rang amháin ó scoil faoi leith ag cur isteach ar scrúdú nó scrúduithe TEG, moltar go mbeadh múinteoir amháin freagrach as próiseáil na n-iarratas agus as an teagmháil le hIonad na dTeangacha.
   

pic
Baile :: Maidir le teg :: Maidir le scrúduithe :: Eolas & moltaí :: Naisc & acmhainní :: Ceisteanna coitianta :: Nuacht :: Teagmháil
pic pic
 
pic
pic
pic pic pic pic pic
 © teg 2006 Gach ceart cosanta | Téarmaí & Coinníollacha
pic
home home