graphic graphic graphic
teg logo teg logo graphic Maidir le teg
graphic
graphic graphic graphic graphic graphic Naisc & acmhainní
graphic
graphic Ceisteanna coitianta
graphic
graphic Nuacht
graphic
graphic Teagmháil
graphic
graphic
teg logo
teg logo english version
graphic graphic
arrowCeisteanna coitianta

 

graphicCé air a bhfuil scrúduithe Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) dírithe?
graphicCén tábhacht a bhaineann le scrúduithe teg?
graphicAn gcaithfidh iarrthóirí scrúdú A1 a dhéanamh sula ndéanfaidh siad scrúdú A2?
graphicCén áit a mbíonn na scrúduithe ar siúl?
graphicCén uair a bhíonn torthaí an scrúdaithe ar fáil?
graphicCé mhéad uair an chloig staidéir is gá a dhéanamh chun bheith in ann tabhairt faoi na scrúduithe éagsúla?
graphicAn gcaithfidh mé pas a fháil i ngach cuid den scrúdú chun pas a fháil?
graphicAn féidir liom rannóga éagsúla sa scrúdú a dhéanamh ag amanna faoi leith?
graphicAn féidir foclóirí a úsáid sna scrúduithe?
graphicAn gcaillfidh iarrthóirí marcanna má bhíonn focail litrithe mícheart acu sa scrúdú cluastuisceana?
graphicCad é is féidir le hiarrthóirí a dhéanamh mura dtuigeann siad na treoracha a thugtar ag tús an scrúdaithe nó sa scrúdú cainte?
graphicAn bhfuil aon teorainn maidir le haois na n-iarrthóirí?
graphicAn gcaithfidh mé freastal ar chúrsa Gaeilge chun aon cheann de na scrúduithe a dhéanamh?
graphicCé chomh minic is a bhíonn na scrúduithe ar siúl?
graphicCad é mar is féidir liom clárú do cheann de na scrúduithe?
graphicCad iad na modhanna íocaíochta?
graphicMá tá ceisteanna eile agam?

graphic
Cé air a bhfuil scrúduithe Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) dírithe?

Is féidir le haon duine ceann ar bith de scrúduithe teg a dhéanamh. Ní gá freastal ar aon chúrsa faoi leith. Níl aon teorainn aoise i gceist ach oiread.

Ar ais go barr
graphic
Cén tábhacht a bhaineann le scrúduithe teg?

Is é teg an chéad chóras teastasaithe d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge a bhfuil baint aige le córas scrúduithe ALTE/Comhairle na hEorpa. Tá forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana. Tá leibhéil éagsúla teg bunaithe ar An Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001). Cabhraíonn an córas seo leis na foghlaimeoirí a gcuid staidéir a phleanáil agus aitheantas a fháil as an dul chun cinn atá déanta acu. Buntáiste eile a bhaineann leis an chóras seo ná go dtugann sé cruthúnas d'fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist nó d'ardú céime. Tá tábhacht faoi leith leis seo ó tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm. Tá Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ina bhall de ALTE (Association of Language Testers in Europe) a dhéanann monatóireacht ar ábhar agus ar chaighdeán scrúduithe teg.

Ar ais go barr
graphic
An gcaithfidh iarrthóirí scrúdú A1 a dhéanamh sula ndéanfaidh siad scrúdú A2?

Is féidir le hiarrthóirí aon cheann de scrúduithe teg a dhéanamh.  Seasann gach scrúdú leis féin agus is faoin iarrthóir atá sé, an scrúdú is oiriúnaí dó/di féin a roghnú.

Ar ais go barr
graphic
Cén áit a mbíonn na scrúduithe ar siúl?

Bíonn na scrúduithe ar siúl in iliomad áiteanna in Éirinn agus thar lear uair amháin sa bhliain, i mí Aibreáin nó i mí na Bealtaine (A1, A2, B1, B2) agus mí na Nollag (C1). Sonraí anseo.
De ghnáth, bíonn na páipéir scríofa ar siúl ar maidin. Féach ar an eolas atá le fáil ar an fhoirm iarratais le hamanna do na scrúduithe cainte a sheiceáil. Bíonn na scrúduithe ar siúl in ionaid éagsúla in Éirinn agus thar lear. Bíonn sé seo ag brath ar éileamh. Féach ar an rannóg 'Nuacht' chun tuilleadh eolais a fháil.

Ar ais go barr
graphic
Cén uair a bhíonn torthaí an scrúdaithe ar fáil?

6-8 seachtaine tar éis dóibh an scrúdú a dhéanamh, cuirfear na torthaí sa phost chuig iarrthóirí.  Má éiríonn leis an iarrthóir sa scrúdú, seolfar teastas ar aghaidh go luath ina dhiaidh sin.

Ar ais go barr
graphic
Cé mhéad uair an chloig staidéir is gá a dhéanamh chun bheith in ann tabhairt faoi na scrúduithe éagsúla?

Níl sa mhéid thíos ach treoir bunaithe ar an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001). Ar ndóigh, braitheann cuid mhór ar na foghlaimeoirí féin agus ar an tacaíocht atá ar fáil dóibh.
Fráma Tagartha Uaireanta staidéir/foghlama Siollabas na Gaeilge
A1 80-100 Siollabas A1
A2 160-200 Siollabas A2
B1 350-400 Siollabas B1
B2 500-600 Siollabas B2
C1 1000 Siollabas C1
C2 1500 Siollabas C2


Ar ais go barr
graphic
An gcaithfidh mé pas a fháil i ngach cuid den scrúdú chun pas a fháil?

Ní chaithfidh. Is marc iomlán a bhronntar i gcás A1, A2 agus B1. Má éiríonn le hiarrthóirí sa scrúdú, bronnfar teastas orthu de réir na ngrád thíos.

A1 A2
50-64% Pas 50-64% Pas
65-79% Pas le Tuillteanas 65-79% Pas le Tuillteanas
80-100% Pas le Gradam 80-100% Pas le Gradam

B1 B2
50-64% Pas 50-64% Pas
65-79% Pas le Tuillteanas 65-79% Pas le Tuillteanas
80-100% Pas le Gradam 80-100% Pas le Gradam

C1
60 % Pas *
80-100% Pas le Gradam
*Caithfidh iarrthóirí íosmharc 10% (as 20%) a fháil i ngach rannóg sa scrúdú le bheith i dteideal pas a fháil sa scrúdú iomlán. Féach Scrúdú Ardleibhéal 1 le tuilleadh eolais a fháil.


I gcás B2, is fiú 25% gach rannóg sa scrúdú (labhairt/cluastuiscint/léamhthuiscint/scríbhneoireacht). Beidh an céatadán a ghnóthaigh an t-iarrthóir i ngach rannóg le feiceáil ar an teastas ag an leibhéal seo.

I gcás C1, is fiú 20% gach rannóg sa scrúdú (labhairt/cluastuiscint/léamhthuiscint/scríbhneoireacht/úsáid na Gaeilge). Beidh an céatadán a ghnóthaigh an t-iarrthóir i ngach rannóg le feiceáil ar an teastas ag an leibhéal seo.


Ar ais go barr
graphic
An féidir liom rannóga éagsúla sa scrúdú a dhéanamh ag amanna faoi leith?

Ní féidir i gcás A1, A2, B1, B2 agus C1. Tá ar iarrthóirí a thugann faoi aon cheann de na scrúduithe sin gach cuid den scrúdú sin a dhéanamh.

Ar ais go barr
graphic
An féidir foclóirí a úsáid sna scrúduithe?

Ní féidir foclóirí a úsáid in aon cheann de na scrúduithe. Bíonn ceisteanna sna scrúduithe a dhéanann tástáil ar thuiscint na n-iarrthóirí ar fhocail agus ar fhrásaí faoi leith agus an chaoi ina n-úsáidtear iad.

Ar ais go barr
graphic
An gcaillfidh iarrthóirí marcanna má bhíonn focail litrithe mícheart acu sa scrúdú cluastuisceana?

Ag na bonnleibhéil (A1 agus A2) glactar leis nach mbeidh an litriú iomlán ceart ag iarrthóirí i gcónaí. Mar sin, glacfar leis an litriú más féidir a aithint cad é atá ann, mar shampla, 'diardain' in ionad 'Déardaoin'. Má tharlaíonn sé go ndéantar focal faoi leith a litriú amach os ard ar an taifeadadh, beifear ag súil leis go mbeidh an litriú i gceart ag iarrthóirí.
Ag na leibhéil eile, ní chaillfidh iarrthóirí marcanna as botúin litrithe chomh fada agus atá an méid a scríobhann siad sothuigthe agus soiléir do na scrúdaitheoirí.

Ar ais go barr
graphic
Cad é is féidir le hiarrthóirí a dhéanamh mura dtuigeann siad na treoracha a thugtar ag tús an scrúdaithe nó sa scrúdú cainte?

Is féidir le hiarrthóirí iarraidh ar an scrúdaitheoir na treoracha a rá arís agus ní chaillfidh siad marcanna as sin a dhéanamh. Sin ráite, ar mhaithe le cothromaíocht, ní féidir leis an scrúdaitheoir aon eolas breise a thabhairt seachas na treoracha a athrá.

Ar ais go barr
graphic
An bhfuil aon teorainn maidir le haois na n-iarrthóirí?

Níl aon teorainn aoise i gceist d'iarrthóirí ar mhaith leo aon cheann de scrúduithe teg a dhéanamh. Sin ráite, tá na téacsanna agus na tascanna dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta den chuid is mó.

Ar ais go barr
graphic
An gcaithfidh mé freastal ar chúrsa Gaeilge chun aon cheann de na scrúduithe a dhéanamh?

Ní chaithfidh. Cé go bhfuil go leor eagraíochtaí a bhíonn ag múineadh Gaeilge in Éirinn agus thar lear ag úsáid na siollabas agus an ábhair theagaisc ar a bhfuil teg bunaithe, ní gá freastal ar aon chúrsa faoi leith ná úsáid a bhaint as ábhar foghlama faoi leith le tabhairt faoi na scrúduithe. Sin ráite, is cinnte gur cabhair é freastal ar chúrsa a chuireann riachtanais na scrúduithe san áireamh.

Ar ais go barr
graphic
Cé chomh minic is a bhíonn na scrúduithe ar siúl?

Bíonn na scrúduithe ar siúl uair amháin in aghaidh na bliana.

Ar ais go barr
graphic
Cad é mar is féidir liom clárú do cheann de na scrúduithe?

Is féidir leat foirm iarratais a íoslódáil ón láithreán seo agus í a sheoladh chuig: Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co Chill Dara.

Ar ais go barr
graphic
Cén costas a bhaineann leis na scrúduithe?

Seo a leanas an costas a bhaineann le gach ceann de an scrúduithe:

Leibhéal Táille
Bonnleibhéal 1 (A1) €100
Bonnleibhéal 2 (A2)   €100
Meánleibhéal 1 (B1) €150
Meánleibhéal 2 (B2) €150
Ardleibhéal 1 (C1)      €150


Ar ais go barr
graphic
Cad iad na modhanna íocaíochta?


Is féidir leis an iarrthóir íoc le seic nó le hordú poist.

Ar ais go barr
graphic
Má tá ceisteanna eile agam?

Má tá ceisteanna eile agat, is féidir teagmháil a dhéanamh le hIonad na dTeangacha:

graphictrí theachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig info@teg.ie
graphictrí ghlaoch a chur ar 00 353 1 7083737
graphictrí scríobh chuig Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co. Chill Dara.

Ar ais go barr

   

graphic
Baile :: Maidir le teg :: Maidir le scrúduithe :: Eolas & moltaí :: Naisc & acmhainní :: Ceisteanna coitianta :: Nuacht :: Teagmháil
graphic graphic
 
graphic
graphic
graphic graphic graphic graphic graphic
 © teg 2006 Gach ceart cosanta | Téarmaí & Coinníollacha
graphic
home home