• Fáilte chuig Teastas Eorpach na Gaeilge

    Fáilte!

    Cuireann Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Tugann scrúduithe TEG deis d’iarrthóirí, ó ghlantosaitheoirí go leibhéil ardchumais, a gcumas a dheimhniú sa labhairt, sa chluastuiscint, sa léitheoireacht agus sa Ghaeilge scríofa

    Faoi láthair, cuirtear scrúduithe ar fáil ag cúig leibhéal éagsúla. I measc na n-iarrthóirí a thug faoi na scrúduithe go dtí seo tá:

    • foghlaimeoirí fásta i rang oíche i mBaile Átha Cliath a bhí ag tosú arís ar staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge den chéad uair ó 1970;
    • teagascóirí Gaeilge in ollscoil in Éirinn;
    • baill foirne de chuid comhairlí contae i gCiarraí, i nGaillimh, i dTiobraid Árann, sa Chlár agus ina lán contaetha eile;
    • iriseoirí Gaeilge;
    • múinteoirí Gaeilge i mbunscoileanna agus i meánscoileanna;
    • mic léinn ollscoile i gCeanada a bhí ag tosú ar staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.

    Is féidir le hiarrthóirí tabhairt faoin scrúdú cainte amháin, más mian leo cáilíocht faoi leith a bhaint amach sa teanga labhartha.

    Bíonn na scrúduithe ar siúl i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine i ndeich n-ionad in Éirinn agus i gceithre ionad thar lear. Tugann roinnt céadta foghlaimeoir faoi scrúduithe TEG gach bliain.

    Cuireann siollabais agus scrúduithe TEG spriocanna foghlama cinnte roimh mhúinteoirí agus roimh fhoghlaimeoirí le go mbeidh na foghlaimeoirí in ann líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach céim ar chéim.

    Ní hamháin go gcabhraíonn TEG le foghlaimeoirí dul chun cinn a dhéanamh ina gcuid staidéir ar an Ghaeilge, is amhlaidh a úsáideann roinnt eagraíochtaí TEG sa phróiseas earcaíochta agus roghnaithe, lena chinntiú go mbeidh na scileanna teanga cuí ag na hiarrthóirí a cheapfar.  

    Tá scrúduithe TEG bunaithe go ginearálta ar an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001).

    Beidh an suíomh seo ina fhoinse eolais faoi gach gné de scrúduithe TEG le haghaidh foghlaimeoirí ag gach leibhéal, le haghaidh múinteoirí meánscoile agus múinteoirí a bhíonn ag teagasc na Gaeilge do dhaoine fásta, le haghaidh fostóirí agus le haghaidh eagraíochtaí Gaeilge. Tá súil againn go bhfaighidh tú gach eolas atá uait ar an suíomh seo. 


     

    Cén leibhéal Gaeilge atá agam? 

    Scrúduithe TEG

    Cliceáil ar na naisc thíos chun teacht ar ábhar a bheidh ag teastáil ag gach ceann de na leibhéil: Siollabais, Páipéir shamplacha, Tuairisc an Phríomhscrúdaitheora & Ábhar teagaisc samplach:

    Nuacht is Déanaí

    Scrúdú TEG B1 d'iarrthóirí ar an B.Oid. trí mheán na Gaeilge i Marino

    Jan-16-2024
    Is féidir clárú anois do scrúdú iomlán B1 d'iarrthóirí ar an mBaitsiléir san Oideachas trí mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Beidh na scrúduithe ar siúl ar an 16/17 Feabhra 2024 timpeall na tíre. Is féidir teacht ar an bhfoirm iarratais agus ar eolas breise anseo. 

    Cuir iarratas isteach ar Scrúdú TEG 

    Foirmeacha anseo. Roghnaigh an fhoirm a bhaineann leatsa. 

    Is féidir le grúpaí foghlaimeoirí scrúduithe cainte TEG a dhéanamh ag aon am den bhliain - cuir ríomhphost chuig teg@mu.ie chun é seo a fhiosrú.

    Tá gach eolas maidir le scrúduithe TEG i meánscoileanna ar fáil anseo