• TEG & an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge

    TEG & an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge

    Agus iad ag ceadú maoinithe d’institiúidí faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge, leag an tÚdarás um Ard-Oideachas agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta síos na coinníollacha seo a leanas maidir le leibhéal teanga na gcéimithe ag deireadh na gcúrsaí iarchéime aistriúcháin:

    Riachtanas fágála: Go mbeidh ar mhic léinn Ardleibhéal 1 (C1), ar a laghad, a bhaint amach i scrúdú foirmiúil de chuid Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG).

    Le freastal ar na héilimh sin tá na socruithe seo a leanas déanta ag Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

    I gcás iarrthóirí a bheidh ag críochnú na gcúrsaí atá maoinithe faoin scéim seo in 2022, beidh orthu tabhairt faoi Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1) in 2022 nó a léiriú go bhfuil pas faighte acu sa scrúdú sin in 2020 nó in 2021.

    Dáta scrúdaithe

    Scrúdú cainte: 9 Nollaig 2022

    Scrúdú scríofa: 10 Nollaig 2022

    Ionad Ollscoil Mhá Nuad
    Clárú Foirm iarratais anseo
    Spriocdháta d'iarratais 18 Samhain 2022
    Torthaí 6-8 seachtaine i ndiaidh an scrúdaithe

    • Is lánchreidiúint atá i gceist (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht, úsáid na Gaeilge, scrúdú cainte)
    • Tá gach eolas faoi na scrúduithe (siollabas, scrúduithe samplacha, ceisteanna coitianta) le fáil anseo.
    • Beidh na gnáthshocruithe maidir le scrúduithe TEG i bhfeidhm maidir le riar na scrúduithe seo, i.e. clárú na n-iarrthóirí, teagmháil le hiarrthóirí, próiseas achomhairc agus araile.
    • Is é €250 costas an scrúdaithe.
    • Cé go bhfuil sé éigeantach tabhairt faoi Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1), meabhraítear d’iarrthóirí nach mbeidh aon tionchar ag na torthaí a gheobhaidh siad sa scrúdú sin ar an cháilíocht a bhronnfaidh an soláthraí cúrsa orthu.